Trí lá roimh an Nollaig, tá drochscéal faighte ag 32 fostaí in ionad glaonna i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.
Timpeall a dó a chlog tráthnóna a fuair an 32 duine atá fostaithe in ionad glaonna SLM Éire, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, an fógra scoir.
Tuigtear go bhfuil leachtaitheoir ceaptha don chomhlacht agus gur scaoileadh abhaile tráthnóna an fhoireann i ndiaidh dóibh an drochscéala a fháil.
Is fochomhlacht de chuid SLM Connect, comhlacht atá lonnaithe i Manchain Shasana, é SLM Éire, atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.
Rinne Údarás na Gaeltachta infheistíocht shuntasach sa chomhlacht agus nuair a bunaíodh SLM Éire tugadh le fios go raibh sé i gceist aige 125 post ar fad a chruthú i nGaeltacht Dhún na nGall.
Buille mór é dúnadh SLM Éire do cheantar atá buailte go dona le dífhostaíocht le tamall de bhlianta agus a bhfuil plean fostaíochta ar leith ceaptha dó ag Údarás na Gaeltachta.
D’fhógair an tÚdarás in 2015 go raibh sé i gceist acu 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair idir 2015 agus 2018 agus go raibh infheistíocht €4.7 milliún le déanamh i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.
Bhí Gaoth Dobhair ar cheann de na ceantair ba mheasa a bhí buailte ag an gcúlú eacnamaíochta. Cailleadh go leor post sa cheantar le roinnt blianta anuas, agus ba bhuille mór don cheantar, mar shampla, cinneadh an chomhlachta Largo Foods, i mí Mhárta 2014, aistriú go dtí a n-ionad déantúsaíochta i gContae na Mí.
Ba i mí Aibreáin seo caite a d’fhógair SLM Connect agus Údarás na Gaeltachta go raibh an comhlacht Sasanach chun ionad nua a oscailt i nGaeltacht Dhún na nGall.
Fág freagra ar 'Fógra scoir faighte ag 32 duine sa Ghaeltacht trí lá roimh an Nollaig'