Fógra déanta ag Dinny McGinley nach mbeidh sé ag seasamh san olltoghchán

Toghadh fear Dhún na nGall chun na Dála den chéad uair i 1982 agus ceapadh ina Aire Stáit Gaeltachta é i 2011

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Níl sé i gceist ag Iar-Aire na Gaeltachta Dinny McGinley seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Thug an Teachta Dála ó Fhine Gael le fios go raibh an scéal pléite le déanaí aige le daoine sinsearacha sa pháirtí, an Taoiseach Enda Kenny ina measc.

Dúirt sé gur cuireadh brú air seasamh ach go raibh sé sásta lena chinneadh.

Toghadh Dinny McGinley chun na Dála i nDún na nGall Thiar-Theas den chéad uair i 1982, rud a fhágann go bhfuil an fear Gaeltachta ar dhuine de na Teachtaí Dála is faide seirbhís i nDáil Éireann. Cheap an Taoiseach, Enda Kenny, ina Aire Stáit Gaeltachta é i Márta na bliana 2011 agus fágadh i mbun an chúraim sin é ar feadh beagnach trí bliana. Ceapadh Joe McHugh, T.D., mar chomharba air ina dhiaidh sin i samhradh na bliana seo caite.

Beidh an tAire Stáit McHugh ag seasamh i ndáilcheantar nua ‘Dún na nGall’ sa toghchán.

D’fhógair Dinny McGinley go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht sa bhliain 2006 ach tháinig athrú intinne air nuair a iarradh air dul san iomaíocht arís. Dúirt sé arís i mí Iúil na bliana anuraidh nach mbeadh sé san iomaíocht feasta do shuíochán Dála, tráth ar chaill sé a phost mar Aire Stáit, ach is le déanaí a chinn sé gan seasamh an athuair.

 

Fág freagra ar 'Fógra déanta ag Dinny McGinley nach mbeidh sé ag seasamh san olltoghchán'