Fógra déanta ag Brendan Griffin nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile

Deir Breandan Griffin go ndein sé dianmhachnamh ar an scéal i dteannta a mhuintire agus gur theastaigh uaidh níos mó ama a chaitheamh lena chlann óg

Fógra déanta ag Brendan Griffin nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile

Ní bheidh an Teachta Dála de chuid Fhine Gael i gCiarraí, Brendan Griffin, san iomaíocht sa chéad toghchán eile.

Chuir Griffin an méid sin in iúl do bhaill a pháirtí i litir a seoladh aréir.

Dúirt sé go ndein sé dianmhachnamh ar an scéal i dteannta a mhuintire.

“Tá sé simplí go maith. Tá beirt mhac óg agam agus ba mhaith liom a bheith timpeall níos minice do na blianta atá fágtha dá n-óige.

“Ní foláir a bheith tiomanta go hiomlán don pholaitíocht agus slí bheatha í a chaitheann tú go leor ama a chaitheamh léi agus an-aird a thabhairt uirthi i gcónaí.”

As Caisleán na Mainge do Bhrendan Griffin, atá 40 bliain d’aois, agus thug sé trí bliana ina chomhairleoir contae do thoghcheantar an Daingin sular toghadh chun na Dála é den chéad uair in 2011.

Tá líofacht áirithe sa Ghaeilge aige agus  labhair sé ar Raidió na Gaeltachta í ó am go chéile, go háirithe agus é ag trácht ar chúrsaí a bhain le Gaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí sé ina aire stáit sa Roinn Spóirt agus Turasóireachta idir 2017-2020 agus bhí sé ina leas-phríomh-aoire ag an Rialtas idir 2017 agus 2020.

Bhí sé luaite go láidir le post an phríomh-aoire le déanaí agus tuairiscíodh go raibh díomá air nár roghnaíodh é nuair a deineadh atheagar ar an gcomhaireacht.

De réir tuairiscí, dhiúltaigh sé do phost mar aire stáit.

Fág freagra ar 'Fógra déanta ag Brendan Griffin nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile'