Fógra báis do cheantar Gaeltachta, nó an féidir Páirc na Mara a athbheochan?

Buille mór d’Údarás na Gaeltachta agus don phobal a bhí sa chinneadh diúltú do pháirc mhara a bhí ceaptha na céadta post a thabhairt chuig ceann de na ceantair is measa sa tír atá buailte ag cúlú eacnamaíochta agus sóisialta

Fógra báis do cheantar Gaeltachta, nó an féidir Páirc na Mara a athbheochan?

Tá daoine ann a déarfadh gur síníodh fógra báis cheantar Gaeltachta iarthar Chonamara nuair a dhiúltaigh an Bord Pleanála cead forbartha do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin an lá cheana. B’fhéidir nach bhfuil an scéal chomh drámatúil sin, go fóilleach ar chuma ar bith, ach d’fhéadfadh lorg na firinne a bheith ar an tairngreacht sin freisin.

Páirc do thionscail mhara a bhí ceaptha a bheith ann a thabharfadh na céadta post, de réir a chéile, chuig ceann de na ceantair is measa sa tír atá buailte ag cúlú eacnamaíochta agus sóisialta.

Pé ar bith scéal é, tá cúrsaí mar atá anois. An chéad cheist: an bhfuil tionscnaimh Pháirc na Mara marbh? Tá sé ráite ag Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, nach gá gur mar sin atá. Déanfaidh an tÚdarás staidéar ar na cúiseanna go raibh an dearcadh diúltach céanna ag an mBord Pleanála ar Pháirc na Mara agus a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nuair a thugadar siúd droim láimhe leis dhá bhliain ó shin.

Seo achoimre ar an tuarascáil chríochnúil ón mBord Pleanála a eisíodh ar an 13 Márta:

“Ó tharla easpa eolais chuimsitheach, chríochnúil a bheith ar fáil ón iarrthóir ar an gcaoi a rachadh an fhorbairt i bhfeidhm ar an athrú aeráide i dtaobh uisce agus triomaigh i gceantar sléibhe Loch Scainimh, agus gan dintiúir a bheith ar fáil faoin gcaoi a ndéanfaí láimhsiú ar athruithe a tharlódh sa réimse sin criathraigh dá bharr sin, ní féidir leis an mBord an fhorbairt a cheadú.”

Luaitear go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag gnéithe eile den fhorbairt ar nádúr an chriathraigh i gceantar Loch Scainimh – an tseandálaíocht san áireamh. Luaitear freisin go bhféadfaí dochar a dhéanamh do scéim phoiblí uisce Charna agus Chill Chiaráin amach anseo.

Sa dara cúis atá tugtha ag an mBord Pleanála, deirtear nár tugadh dóthain eolais don Bhord faoin tionchar a bheadh ag gnéithe de Pháirc na Mara ar an gceantar sléibhe ó thuaidh de bhruacha Loch Scainimh, nó ar an lorg a d’fhéadfadh soláthar breise uisce as Loch Scainimh a fhágáil ar an lear uisce a bheadh sa loch sin. Ní fhéadfadh an Bord Pleanála a bheith cinnte faoin lorg a d’fhágfadh gnéithe den fhorbairt ar Limistéar Caomhantais Speisialta Choimpléasc Phortach Chonamara, a deirtear. Sin Ceantar Speisialta Caomhnaithe mór fairsing i sléibhte Chonamara.

Luíonn sé le réasún go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta staidéar ar na cúiseanna sin agus cinneadh a dhéanamh ansin. Beidh ceithre rogha acu.

  • A dhul sa tóir ar scrúdú Ard-Chúirte ar an gcinneadh. Chaithfí cás láidir a dhéanamh nár cloíodh leis na modhanna cearta oibre nuair a bhíothas ag plé leis an achomharc ó Údarás na Gaeltachta
  • Leasuithe a dhéanamh ar phlean Pháirc na Mara – an Pháirc a laghdú, b’fhéidir – agus a dhul i dtuilleamaí an chórais pleanála arís
  • A dhul sa tóir ar shuíomh eile le haghaidh na forbartha
  • Páirc na Mara a fhágáil uilig mar scéal agus díriú ar bheartais eile le bonn níos fearr eacnamaíochta agus sóisialta a chur faoi phobal Gaeltachta Iarthar Chonamara.

Cé go bhfuil dianstaidéar le déanamh ar cháipéisí an Bhoird Pleanála, tá cúpla rud suntasach sa mbreithiúnas ar an gcéad amharc:

  • Níl aon chaidéis tugtha don Cheantar Speisialta Caomhnaithe i gCuan Chill Chiaráin atá ag bordáil ar an taobh ó dheas den suíomh. Bhí píopa le cur amach ansin a thabharfadh uisce sáile isteach go Páirc na Mara. Bhí sé ina imní go mbeadh tuilleadh conspóide faoi sin.
  • Níl aon cheist ann faoi shábháilteacht an bhealaigh isteach chuig Páirc na Mara ón bpríomhbhóthar, ábhar a luaigh an Chomhairle Contae nuair a dhiúltaigh siad don fhorbairt
  • Is ar an soláthar uisce a theastódh le haghaidh na Páirce is mó atá béim san mbreithiúnas seo.

Bhí soláthar uisce le dhul as foinse scéim phoiblí Chill Chiaráin agus Charna i bpíobán ar feadh tuairim míle bealaigh go Páirc na Mara. As loch darb ainm Loch an Iarainn a thabharfaí an soláthar seo; thabharfaí tuilleadh uisce isteach as Loch Scainimh in aice láithreach go Loch an Iarainn dá dteastódh sin.

Ach tá cáil mhór ar an tseandálaíocht a bhaineann le Loch Scainimh agus ceaptar go bhfuil roinnt éisc ann freisin. De réir an bhreithiúnais, bheadh sé ina imní go ndéanfaí an iomarca triomaithe ar Loch Scainimh agus ar an gcriathrach máguaird – ceantar speisialta caomhnaithe [SAC] – i gcomharsanacht an locha freisin. Baineann trioblóid le SAC ar an bpointe agus cúrsaí pleanála á scrúdú sa lá atá inniu ann i gConamara. 70% den taobh tíre ansin atá faoi rialacha caomhnaithe.

Baineann stair beagnach 25 bliain le hiarracht Pháirc na Mara.

Fuair Údarás na Gaeltachta, sna blianta siar, seilbh ar bheagnach 60 acra stráice talún ag síneadh ó dheas ón mbóthar réigiúnach, an R340, chomh fada leis an bhfarraige píosa beag soir ó shráidbhaile Chill Chiaráin.

Pléadh forbairt ar an stráice sin idir Údarás na Gaeltachta agus dreamanna sa gceantar. Cé nach rabhthas bailithe domhain sa scéal, bhí plean a bheadh, a bheag nó a mhór, cosúil le Páirc na Mara i gceist. Ach fágadh an plean ar an méar fhada, beag beann ar iarrachtaí áitiúla, ar feadh i bhfad.

Idir an dá linn, bhí an saol eacnamaíochta agus sóisialta ag dul in olcas in Iorras Aithneach. San áit a raibh 340 dalta sna bunscoileanna i gCill Chiaráin agus i gCarna i 1990, tá siad laghdaithe go dtí 138 anois. Sin 60% de laghdú in imeacht glúine amháin. Tá toghroinn Scainimh i measc na 15 ceantar is measa sa tír atá buailte ag an dífhostaíocht. Facthas in Údarás na Gaeltachta gur theastaigh beart láidir a bheadh bunaithe ar acmhainní nádúrtha mar is deacair comhlacht eachtrach ar bith a mhealladh thar Chois Fharraige siar.

Anois, tá an plean sin de chuid an Údaráis buailte ar an mullach.

Ar ndóigh tugann an cinneadh seo léargas ar cheist ollmhór. Má tá – agus tá – an oiread sin de ghreim ag ceantair chaomhnaithe ar Chonamara, cén chaoi ar féidir mórán dul chun cinn ar bith a dhéanamh ó thaobh forbartha agus fostaíochta de? Tá an iliomad cásanna a bhaineann le bóithre, tionscail agus tithíocht feicthe againn anois a thugann léargas ar a ghéire agus atá an córas pleanála. Cá bhfágann sé sin daoine óga atá ag iarraidh postanna sa gceantar má tá Páirc na Mara cniogtha ag am nach féidir bóthar ceart a dhéanamh a thabharfadh iad isteach go eastáit na Páirce Móire ar imeall thoir na Gaillimhe le haghaidh jab?

Fág freagra ar 'Fógra báis do cheantar Gaeltachta, nó an féidir Páirc na Mara a athbheochan?'

  • Tuairisg

    Níl na scileanna ná an tsaineolas ag ÚnaG do thograí mar seo. Bhí easpa cinnireachta agus proifisiúntacht ag baint leis seo ón tús. Níl i gceist acu anois ach Ros an Mhíl, is ann a chuirfear an Páirc na Mara, nó leagan dhó.

  • Ó C

    Ní haon iontas é seo. Céard a dhénfar anois leis na hoodies agus bruscar plaisteach brandáilte ar fad a bhí á thabhairt amach chuig muintir an cheantair le lógó Páirc na Mara orthú? B’fhiú fiosrú cé mhéid airgead a caitheadh ar ábhar mar seo agus gan PnaM ceadaithe ar chor ar bith. Tuilleadh cur amú airgead san Údarás.

  • Máire

    An gcuireann sé iontas orainn gur theip sé seo ar an Údarás? Ní chuireann.

  • 🙄

    An gciallaíonn sé seo nach mbeidh aon chomórtais do hoodies agus Easter eggs ar leathanach Facebook Páirc na Mara níos mó? 😢

  • Carraig53@protonmail.com

    Ní haon chaidhp báis é ach amháin má ghéilltear dó. Agus cé tá chun géilleadh? Ná bac an milleánú agus an mhioscais, déantar deimhin de go dtabharfar faoi i gceart an chéad uair eile. Ní hionann diúltú, rud a tharlaíonn go minic, agus críoch is deireadh na mbeart. ‘Éiríonn seaimpín, ‘ adúirt Jack Dempsey (dornálaí) fiú is nuair nach féidir leis é.’

  • Carraig53@protonmail.com

    “Éiríonn seaimpín,” adúirt Jack Dempsey, ” “éiríonn sé sa gcás nuair nach féidir leis éirí fiú.”