‘Foghlaimítear ceacht ón éagóir a deineadh orm’ – leithscéal gafa ag na Gardaí leis an iar-aire Gaeltachta Pat Carey

Chuir Pat Carey an dlí ar Choimisinéir an Gharda Síochána, ar an Stát agus ar fhoilsitheoirí an Irish Independent i leith altanna a foilsíodh sa nuachtán sin

‘Foghlaimítear ceacht ón éagóir a deineadh orm’ – leithscéal gafa ag na Gardaí leis an iar-aire Gaeltachta Pat Carey

Tá leithscéal gafa ag Coimisinéir an Gharda Síochána le Pat Carey, iar-aire Gaeltachta agus iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil, faoi eolas a sceitheadh maidir le fiosrúchán a bhain le Carey in 2015.

Íocadh damáistí suntasacha leis an iar-aire –  meastar gur ceadaíodh thart ar €250,000 dó.

Chomh maith leis sin íocadh a chostais dlí ar fad agus is ó fhoilsitheoirí an nuachtáin an Irish Independent a tháinig €75,000 den chostas sin.

Chuir Pat Carey an dlí ar Choimisinéir an Gharda Síochána, ar an Stát agus ar an bhfoilsitheoir i leith altanna a foilsíodh san Irish Independent ar an 11 agus 12 Samhain 2015, altanna inar tuairiscíodh go raibh fiosrúchán ar bun ag an nGarda Síochána i leith líomhaintí mí-úsáide gnéis a bhí déanta ag roinnt gearánach in aghaidh an iar-aire Rialtais.

Cuireadh in iúl san Ard-Chúirt anuraidh go raibh fiosrúchán an Gharda Síochána tagtha chun críche agus go raibh sé curtha in iúl ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Phat Carey nach mbeadh aon chúis á tabhairt ina aghaidh maidir leis na líomhaintí a fiosraíodh.

Níor ainmníodh Pat Carey sna tuairiscí a foilsíodh ach mhaígh seisean gurbh éigean dó ráiteas poiblí a dhéanamh ag séanadh na rudaí a bhíothas a chur in iúl faoi fhéin tar éis fhoilsiú na dtuairiscí.

Dúirt sé chomh maith gurbh éigean dó éirí as cúraimí a bhí air ag an am, ina measc a chuid oibre mar stiúrthóir toghchán do pháirtí Fhianna Fáil.

Bhí damáistí á n-éileamh ag Pat Carey as sárú príobháide agus rúndachta.

Shéan sé go láidir na líomhaintí ar fad go ndearna sé aon rud as an mbealach agus nuair a bhí a gcuid fiosrúchán déanta ag an nGarda Síochána, chuir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in iúl dó nach mbeadh aon chúiseamh á chur ina leith.

Taobh amuigh den chúirt, léigh Pat Carey ráiteas ina ndúirt sé go ndearnadh “na líomhaintí is tromchúisí ” ina leith mí na Samhna 2015, gur “tugadh aithis dá ainm” agus gur “scriosadh a dhea-cháil”.

Dúirt sé go raibh súil aige go bhfoghlaimeofaí ceachtanna ón éagóir a deineadh air agus go raibh sé ag súil leis nach ndéanfaí cearta aon saoránach eile a shárú sa tslí chéanna amach anseo.

“Na daoine go léir in Éirinn agus thar lear a raibh aithne acu orm,  daoine ó gach réimse den tsochaí, thuigeadar nach raibh aon bhunús leis na líomhaintí.

“Mar sin féin, d’fhág chomh mór is a bhí an phoiblíocht gur chinn mé seasamh ar leataobh ó na cúraimí poiblí a bhí orm ar mhaithe le daoine eile agus go dtí go bhféadfainn a chruthú gur líomhaintí bréagacha a bhí i gceist.”

“Is go han-daor a dhíolas as seo agus is amhlaidh do na daoine a bhí mór liom, daoine a chuir suas leis an oiread sin le seacht mbliana go leith.”

Dúirt Pat Carey go raibh sé ar ais i mbun a chúraimí poiblí go léir arís agus go sé raibh sásta go raibh deireadh tagtha leis  an gcás dlí.

“Cuirim fáilte go háirithe roimh leithscéal Choimisinéir an Gharda Síochána agus roimh na damáistí substaintiúla agus mo chostais go léir mar léiriú iad go raibh an ceart againn.”

Ghabh an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey buíochas leo siúd a sheas leis agus ghabh sé buíochas lena fhoireann dlí, na habhcóidí sinsearacha Remy Farrell agus Tony McGillicuddy, a dhlíodóir James MacGuill, agus an t-abhcóide Frank Callanan a bhásaigh in 2021.

Bhí Pat Carey, arb as na Buailtíní i gCiarraí dó, ina Theachta Dála d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1997 go dtí 2011.

Ceapadh ina Phríomhaoire é in 2008 agus ceapadh ina Aire Gaeltachta, Pobail agus Comhionannais é in 2011.

Bhí an t-iar-aire go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn phósta agus é ag feachtasaíocht ar son ‘Tá Comhionannas’.

Tá sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Bhord Ghlór na nGael agus aithne mhaith air i saol na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Foghlaimítear ceacht ón éagóir a deineadh orm’ – leithscéal gafa ag na Gardaí leis an iar-aire Gaeltachta Pat Carey'