EURO 2016: Foclóir sacair Iodáilis-Gaeilge – cad is brí le ‘Furbizia’ agus cén Ghaeilge atá ar ‘Catenaccio’?

Agus foireann na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar an Iodáil i Lille anocht, tá Foclóir sacair Iodáilis-Gaeilge curtha ar fáil ag Tuairisc.ie

Teacher at the blackboard

Catenaccio, An Bolta.

Stíl imeartha fhíorchosantach agus fíor-eagraithe ina leagtar béim thar aon rud eile ar bhac a chur ar ionsaithe na foirne eile agus gan aon deis scórála a thabhairt dóibh. Ciallaíonn ‘catenaccio’ an bolta nó an laiste a bheadh ar dhoras. Níl an stíl seo chomh mór sa treis is a bhí roimh theacht ‘totaalvoetabal’ na hÍsiltíre sna seachtóidí, ach tá leagan de in úsáid ag bainisteoir na hIodáile Antonio Conte ag Euro 2016. Beidh foireann na hÉireann ag súil nach mbeidh ionadaithe na hIodáile chomh maith i mbun an chórais sin is a bhí na himreoirí a thosaigh an chéad dá chluiche do na Azzurri.

FurbiziaDiabhlaíocht

Bheadh fonn ar dhuine ‘furbizia’ a aistriú mar ‘Iodálachas’. Tá an dúchas seo chomh domhain sin san imreoir Iodálach gur deacair teacht ar aon fhocal eile a chuimsíonn an chluanaíocht, an scéiméireacht, an gliceas agus an tseiftiúlacht atá i gceist leis an ‘furbizia’.

Cur chuige teaicticiúil agus síceolaíochta ar leith é seo ina mbíonn imreoirí ag spraoi leis na rialacha.

Cé nár tharraing sé chuige féin an focal Iodálach an lá eile, ba dhóigh leat gurb é an ‘furbizia’ a bhí i gceist ag leasbhainisteoir na hÉireann Roy Keane nuair a dúirt sé nach chun cairde a dhéanamh a bhí foireann na hÉireann sa Fhrainc.

Fantasista, An Draoi.  

Ní mór atá idir an Trequarista agus an Fantasista ach go meastar draíocht, samhlaíocht agus cruthaitheacht ar leith leis An Draoi. Déanann An Draoi an mórghníomh gan choinne. Údar dóchais d’fhoireann na hÉireann é nach bhfuil aon Draoi ar chuma Roberto Baggio ag na hIodálaigh. Faraor, is ar éigean go bhféadfaí Draoi a thabhairt ar aon duine d’imreoirí na hÉireann ach an oiread.

Fantasia – Imirt na nDraoithe

Stíl atá ag brath ar shamhlaíocht na ndraoithe agus a gcumas teacht aniar aduaidh orainn ar fad lena ngaiscí gan choinne. Is beag draoi a bheidh ar an dá fhoireann a rachaidh chun páirce i Staid Pierre-Mauroy i Lille anocht ach cá bhfios nach mbainfí an anáil dínn fós?

Il Libero, Saor peile.

Cosantóir le cois a bhíonn sa Libero nó an Saor peile. In ionad cúram ar leith marcála a bheith air, bíonn saoirse aige ionsaithe a bhfuil ag éirí leo a chur ó dhoras agus teacht i gcabhair ar aon chomhghleacaí a bhíonn i sáinn. Bíonn an tsaoirse ag an Saor Peile dul chun tosaigh chomh maith. B’iontach an Saor Peile é Franco Baresi na hIodáile ach is annamh a fheictear a leithéid ar aon fhoireann anois.

Il Mediano, Capall na hOibre

Imreoir lár páirce dícheallach a dhéanann ualach obair chosanta. Glenn Whelan an ‘Il Mediano’ atá ag foireann na hÉireann.

La Regista, An Treoraí.

‘Stiúrthóir scannán’ an t-aistriúchán díreach atá ar La Regista. Fanann an t-imreoir seo siar beagáinín chun an imirt a stiúradh. Seans gurb é Andrea Pirlo An Treoraí is aitheanta a bhí ag an Iodáil. Is é James McCarthy an t-imreoir is gaire atá againn den ‘La Regista’ ach faraor is beag treoir a thug sé d’aon duine sna cluichí go dtí seo.

Trequarista, An Fánaí. 

Bíonn an Trequarista nó An Fánaí i mbun a cheirde laistiar de na tosaithe agus é mar nasc idir iad agus na himreoirí lár páirce. Tugtar an ‘Uimhir 10’ go minic ar An Fánaí. Bhí Francesco Totti ar dhuine de na Fánaithe ab aitheanta a bhí ag an Iodáil riamh. Is é Wes Hoolahan an Totti atá ag foireann na hÉireann faoi láthair agus b’iontach an Fánaí é sa chéad chluiche in aghaidh na Sualainne.

Particolare, Aisteach.

Imreoir diamhair a mbíonn cur chuige nó stíl eisceachtúil aige, deirtear faoi go bhfuil sé ‘particolare’. D’fhéadfadh cluiche nó stíl imeartha a bheith ‘particolare’ chomh maith.

Imreoir ‘particolare’ is ea Mario Balotelli, atá chomh ‘particolare’ sin nár éirigh leis áit a bhaint amach i scuad Antonio Conte don chomórtas seo. Is beag atá ‘particolare’ faoi fhormhór imreoirí na hÉireann.

Lo stopper, An Cosantóir Láir.

Bíonn ar a laghad an meas céanna acu san Iodáil ar an ‘Lo stopper’ crua is a bhíonn acu ar an Trequarista sciliúil. Bhí Chiellini, Barzagli agus Bonucci ar fheabhas don Iodáil mar chosantóirí láir sa chéad dá chluiche acu, ach an mbeidh siad ar fad ag imirt anocht?

Mezzala, An Cliathánaí Cliste.

Cé gur ar an gcliathán a bhíonn an Mezzala lonnaithe, ní cliathánaí den seandéanamh é. Bíonn saoirse aige toisc gur gnách gur imreoir ildánach é a bhfuil buanna ar leith aige.

Prima Punta. An Naoscaire.

Fear na gcúl. Is é Graziano Pellè ‘Prima Punta’ na hIodáile, léargas, b’fhéidir, nach í seo an fhoireann is mó cumas a chuaigh chun páirce riamh do na hIodálaigh. Ach níl aon Naoscaire cruthanta ag Éirinn ach an oiread agus sinn ag brath go mór ar Shane Long, leathbhádóir Pellè ag Southampton.

Albero di Natale – An Crann Nollag.

Leagan den chóras 4-3-3 ar ionann é agus 4-3-2-1. Tá an ‘ad albero di natale’ nó ‘an crann nollag’ sa bhfaisean le roinnt blianta anuas. Tá leas bainte go minic ag Martin O’Neill as ‘An Crann Nollag’ ó ceapadh ina bhainisteoir é. An bhfeicfear arís anocht é nó an rachfar sa seans le beirt naoscairí?

Fág freagra ar 'EURO 2016: Foclóir sacair Iodáilis-Gaeilge – cad is brí le ‘Furbizia’ agus cén Ghaeilge atá ar ‘Catenaccio’?'