Foclóir beag Breatimeachta Béarla-Gaeilge…

Ag tosú leis na ‘alternative arrangements’ nach ann dóibh, tá foclóir beag Breatimeachta ag ár gcolúnaí dúinn

Foclóir beag Breatimeachta Béarla-Gaeilge…

Beidh trí chinneadh mhóra le déanamh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh nuair a thiocfaidh siad le chéile sa Bhruiséil Dé Céadaoin seo chugainn.

1. An fiú síneadh ama eile a thairiscint don Ríocht Aontaithe chun rogha ó thaobh an Bhreatimeachta a dhéanamh?

2. Más fiú, cé mhéad lá/mí/bliain sa bhreis ba chóir a thairiscint, sa bhreis ar an dá shíneadh (go dtí 12 Aibreán nó 22 Bealtaine) a d’fhógair siad roimhe seo? 

3. Más síneadh ama eile a thairgfear, cén sórt coinníollacha ba chóir a chur leis an tairiscint ionas nach mbeidh ballstáit an AE cráite le héiginnteacht san idirlinn? 

Fiú mura mbeadh freagraí d’aon ghuth de dhíth ar na ceisteanna de réir rialacha an Aontais, bheadh castacht agus contúirt pholaitiúil mhór ag baint leo. Ní féidir fadhb idirnáisiúnta ar bith a réiteach murar léir cur chuige údarásach de chineál éigin ar chaon taobh.

Faraor, tá easaontas agus éidreoir níos follasaí i Londain anois ná mar a bhí tar éis reifreann an Bhreatimeachta in 2016. “Abair liom,” a dúirt an tAire Cosanta Tobias Ellwood le linn agallamh teilifíse Dé Máirt, “an Breatimeacht: cad é féin?” 

Bhí ciall lena cheist. Is dlúthchuid den mhórachrann Breatimeachta go bhfuil iliomad míniú á dtabhairt ar an bhfocal féin. Cad a chiallaíonn sé? Imeacht iomlán ón AE, nó imeacht ach a bheith rannpháirteach sa mhargadh aonair? Nó imeacht ach fanacht san aontas custam? Nó a bheith páirteach i meascán den mhargadh aonair agus den aontas custam? Nó caidreamh de chineál éigin eile a bhunú? Nó caidreamh de chineál eile agus ceann de na rudaí thuas? Ní tearc na roghanna. 

Is mar gheall ar a dhoiléire is atá gach a mbaineann leis an mBreatimeacht a cuireadh an foclóir beag seo le chéile. Is i mBéarla atá na ceannfhocail, toisc gur i mBéarla a phléitear an t-ábhar thall, ach tugtar leagan Gaeilge i ngach cás.

Alternative Arrangements: socruithe eile, socruithe a mbítear ag caint orthu sa Bhreatain in ionad an chúlstad (féach ‘Backstop’thíos). Níor taispeánadh fós gurb ann dá leithéid de shocruithe. (mar shampla, féach ‘Unicorns’ thíos).

Backstop: cúlstad, foráil sa Chomhaontú Aistarraingthe (féach ‘Withdrawal Agreement’ thíos) a chinnteodh nach mbeadh aon srian ar thrádáil ná gluaiseacht thar teorainn go dtí go dtiocfaí ar shocrú nua lena chinntiú nach mbeadh aon srian ar thrádáil ná gluaiseacht thar teorainn.

Brino: acrainm, ‘Brexit in Name Only’, arb ionann é agus Breatimeacht gan bhrí, nó Breatimeacht ar cur i gcéill é.

Cake: cáca, cur síos ar aidhmeanna áiféiseacha atá á bplé sa Bhreatain i gcónaí in ainneoin an áiféis a bhaineann leo a bheith soiléir do gach duine stuama. Is é Boris Johnson a rinne an tagairt is cáiliúla dó nuair a mhaígh sé go mbeadh an Ríocht Aontaithe ábalta a gcáca a ithe agus a choimeád ag an am céanna, nó an craiceann agus a luach a bheith acu. I mbeagán focal: raiméis, bréag.

Clear: soiléir, follasach. Focal a chloistear go minic ó bhéal Theresa May agus ó pholaiteoirí eile nuair nach mian leo labhairt go soiléir in aon chor – ‘We need to be very clear about this…’ – nó má bhíonn siad ar tí ráiteas a rinne siad rómhinic cheana a dhéanamh arís.

Enemies of the people: naimhde an phobail; cur síos an Daily Mail ar bhreithiúna na hArd-Chúirte i Londain tar éis dóibh a rialú i Samhain 2016 go mbeadh vóta parlaiminte riachtanach sula gcuirfeadh rialtas na Breataine fógra foirmiúil Breatimeachta chun na Bruiséile. (Nóta: feallmharaíodh an feisire parlaiminte Jo Cox bliain roimhe sin).

Focus: (ainmfhocal) fócas, (briathar) béim a chur ar rud, ábhar srl. Focal a chloistear de ghnáth nuair nach mian le polaiteoir sa Bhreatain ceist faoin mBreatimeacht a fhreagairt. Mar shampla, má fhiafraítear  de Jeremy Corbyn an bhfuil sé i bhfabhar reifrinn eile, deir sé de ghnáth: ‘What we need to focus on is…’ nó ‘What I’m focused on is…’ An chiall atá leis: ‘Ní theastaíonn uaim do cheist a fhreagairt.’

Indicative Votes: vótaí táscacha, comharthaíochta nó comhairlitheacha a thug deis d’fheisirí in Westminster diúltú do gach socrú eile a moladh go dtí seo in ionad an Chomhaontaithe Aistarraingthe.

Just get on with it: brostaigh, lean ar aghaidh leis (intuigthe: ná cuir moill air níos mó). Ráiteas a chloistear ó pholaiteoirí agus ó vótóirí mífhoighdeacha thall. Ní haon ionadh é, trí bliana tar éis an reifrinn Bhreatimeachta.

Meaningful Vote: vóta bríoch nó dáiríre inar dhiúltaigh parlaimint Westminster don Chomhaontú Aistarraingthe (trí huaire go dtí seo).

No Deal (Brexit): cheal nó easpa margaidh; an rud nach dteastaíonn ón móramh in Westminster ach a tharlóidh in aghaidh a dtola mura vótálann siad i bhfabhar comhréitigh de chineál éigin.

Northern Ireland: Tuaisceart Éireann. Réigiún a luann Theresa May agus feisirí Caomhacha ó am go ham agus an Breatimeacht á phlé in Westminster, go háirithe nuair a thagraíonn siad do thuairimí an DUP. Seachnaítear tagairt ar bith don mhóramh i dTuaisceart Éireann a vótáil in aghaidh an Bhreatimeachta i reifreann 2016. Féach ‘this precious Union’agus ‘Scotland’ thíos.

Punishment: pionós; cur síos a chloistear go minic agus dearcadh an AE san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht á cháineadh. Dar le go leor daoine atá i bhfabhar an Bhreatimeachta, ní ag cloí le rialacha an Aontais atáthar sa Bhruiséil ach ag iarraidh pionós míréasúnta a ghearradh ar an Ríocht Aontaithe.

Red lines: bunéilimh, mar a d’fhógair Theresa May ina hóráid in Lancaster House i Londain i mí Eanáir 2017, éilimh a chaithfear a shásamh sula ndéantar margadh. Is léir anois go bhfuil sí toilteanach cuid dá bunéilimh (imeacht ón aontas custam agus ón margadh aonair) a mhaolú nó a chur i leataobh. Ní léir fós cén toradh a bheas ar a hathrú intinne.

‘Red, White and Blue Brexit’:  Breatimeacht bréag-thírghrách gan bhrí; leagan ciotach a chum Theresa May i mí na Nollag 2016, cúig mhí tar éis di teacht i gcomharbacht ar David Cameron mar phríomh-aire. Ní nach ionadh, níl na focail ráite aici ó shin.

Saboteur: sabaitéir; sampla den bhéarlagair gríosaitheach dainséarach a úsáideann polaiteoirí, díograiseoirí agus nuachtáin ar nós an Daily Mail nuair nach n-aontaíonn daoine leo. Samplaí eile: ‘traitors’, ‘betrayal’ agus féach go háirithe ‘Enemies of the People’ thuas.

Scotland: Albain; tír nach luaitear olc, maith nó dona in Westminster agus an Breatimeacht á phlé ag feisirí Sasanacha, ainneoin nó toisc an móramh sa tír sin a bheith ina choinne.

This Precious Union: an t-aontas seo ar mór againn é, leagan a chloistear go minic ag Theresa May agus í ag tagairt do na réigiúin sa Ríocht Aontaithe inar mian le vótóirí fanacht san AE – rud nach luann sí de ghnáth.

Trap: gaiste, cur síos na ndíograiseoirí Breatimeachta ar an socrú sa Chomhaontú Aistarraingthe go mbeadh an cúlstad i bhfeidhm sa Bhreatain chomh maith le Tuaisceart Éireann, agus ar an gcontúirt nach mbeadh an tír ábalta tarraingt amach as an AE go deo dá bharr. Rud nach n-admhaítear riamh i Londain: is é rialtas na Breataine a d’iarr socrú dá leithéid, d’fhonn an DUP a shásamh.

Unicorns: aonbheannaigh, ainmhí nach maireann agus nár mhair riamh ach amháin i bhfinscéalta nó i scéalta samhailteacha; focal a chloistear go minic agus aidhmeanna nach raibh seans dá laghad ann riamh go gcomhlíonfaí iad á bplé sa Bhreatain (féach ‘Cake’ thuas, mar shampla).

We: sinne, muide; an cur síos a dhéanann an DUP ar mhuintir na Ríochta Aontaithe agus/nó Thuaisceart Éireann agus Breatimeacht á mholadh acu. Ar ndóigh, níl Éireannaigh an Tuaiscirt, ná an móramh sa Tuaisceart ar mian leo fanacht san AE san áireamh sa ‘We’.

Withdrawal Agreement: an Comhaontú Aistarraingthe a d’fhoilsigh rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach ar an 14 Samhain 2018. Lig Theresa May uirthi go bhféadfaí é a athrú, go dtí gur admhaigh sí nach raibh an tAontas Eorpach toilteanach é a athrú.

Fág freagra ar 'Foclóir beag Breatimeachta Béarla-Gaeilge…'