FOCAL IS FUAIM: Sliocht as ‘Ó Bhéal an Bhab’

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Bab Feiritéar, scéalaí ó Dhún Chaoin nach maireann, atá le cloisteáil i mbun reacaireachta

FOCAL IS FUAIM

Fadó riamh ní raibh ar an Oileán Tiar ach aon tigh amháin. Bhí lánú ina gcónaí insa tigh agus ní raibh de mhuirear orthu ach aon mhac amháin. Lá áirithe bheartaigh an t-athair agus an mac dul amach ar an míntír ag triall ar lón bídh, agus bhí sé beartaithe acu a bheith thar n-ais arís tráthnóna i gcomhair na hoíche. Ach ní mar a síltear a bítear. D’éirigh stoirm agus fuair an fharraige garbh, agus ní rabhadar ábalta ar theacht thar n-ais an oíche sin.

Bhí bean an tí istigh ansan, an créatúir, ina dua agus ina haonar, ar oileán mara, gan Críostaí Mhic an Luain le teacht ag fóirithint uirthi dá mbéarfadh aon chruatan uirthi. Ach, brostaíonn airc intleacht. Thóg sí anuas cliabh olla den gcúl-lochta agus thosnaigh sí á cíoradh.

I gceann tamaillín, bhuail mórsheisear cailleacha chuici isteach, seál brait ciardhubh ar gach aoinne acu, íochtar dubh agus ríobal go talamh orthu.

‘An bhfaighimid scroid airneáin uait, a bhean an tí?’ arsa iadsan in ard a gcinn agus a ngutha as bhéal a chéile.

‘Geobhaidh sibh, mhuise,’ ar sise, ‘dá mbeadh an olann so cíortha agam.’

‘Cíorfaimidne in éineacht leat í,’ arsa iadsan, ‘is fearrde thú cúnamh d’fháilt.’

Agus thosnaíodar agus iad ag rá: ‘cíoraimis is slámaimis, cíoraimis is slámaimis,’ agus ba orthu ba ghearr an mhoill mar is iad a bhí deas air i dteannta an eolais.

Nuair a bhí an olann cíortha acu:

‘Is ea, anois, a bhean an tí,’ arsa iadsan, ‘an bhfaighimid scroid airneáin uait?’

‘Gheobhadh sibh, mhuise, a chroí,’ ar sise, ‘dá mbeadh an olann so nite agam.’

‘Nífimidne in éineacht leat é,’ arsa iadsan as bhéal a chéile, ‘is fearrde thú cúnamh d’fháilt.’

D’fháisceadar chuige aríst agus b’orthu ba ghearr an mhoill an olann a ní.

‘Is ea, anois,’ arsa iadsan, ‘a bhean an tí, an bhfaighimid scroid airneáin uait?’

‘Geobhaidh sibh, mhuise, a chroí,’ ar sise, ‘dá mbeadh an olann tirim agam.’

‘Triomóimidne in éineacht leat é,’ arsa iadsan, as bhéal a chéile aríst, agus d’fháisceadar chuige, agus b’orthu ba ghearr an mhoill an olann a thriomú.

‘Is ea, anois,’ arsa iadsan, ‘an bhfaighimid scroid airneáin uait, a bhean an tí?’

‘Geobhaidh sibh, mhuise, a chroí,’ ar sise, ‘ach caithfidh mé dul agus canna uisce a bhreith liom abhaile ón dtobar.’

Thóg sí an canna agus d’imigh sí léi go dtí an dtobar, agus nuair a thum sí síos an canna insa tobar, nár labhair an ghuth agus dúirt léi gurb í féin an scroid airneáin a bhí uathusan. ‘Agus mise do mháthair,’ arsa an ghuth, ‘ach b’fhéidir go ndéanfá an bheart orthu,’ ar sise, ‘ach tóg mo chomhairle: beir leat an canna uisce anois, agus nuair a bheidh tú ag déanamh ar an ndoras, buail uait é ag an ndoras, buail do bhasa le chéile agus tosnaigh ag scréachaigh is ag liúraigh is ag béicigh, agus abair go bhfuil Dún na Banríona trí thine agus Dún na Banríona fé bharr lasrach.

Ansan, rithfidh siad amach ar eagla go mbeadh na leanaí dóite orthu, agus nuair a gheobhair imithe iad, téir isteach, cuir an bolta ar an ndoras i do dhiaidh, croch sciléad uisce ar an dtine, agus nuair a bheidh an t-uisce mallabhog, tóg anuas é, nigh do chosa ann agus triomaigh iad. Ansan tóg amach an coileach as an gcúib agus nigh cosa an choiligh agus cuir thar n-ais don chúib é nuair a bheidh na cosa triomaithe agat. Ansan tóg tlú na tine, nigh sa sciléad é agus nuair a bheidh san déanta agat triomaigh é agus cuir ina sheasamh leis an adharta é. Ansan, tóg na mugaí athá ar bhonn an dresser agat, pé cúpla muga athá agat, nigh san uisce iad agus triomaigh iad agus buail a mbéal fúthu ar an ndresser. Agus nuair a bheidh san déanta agat, dein an galar céanna leis na plátaí agus buail a mbéal fúthu ar an dresser iad. Nuair a bheidh san déanta agat, nigh do chosa féin ann agus croch thar n-ais an sciléad os cionn na tine, agus téir a chodladh.’

Dhein sí amhlaidh. Thóg sí léi an canna uisce, agus nuair a bhí sí ag déanamh ar an ndoras bhuail sí uaithi an canna uisce, agus bhuail sí a basa le chéile agus thosnaigh sí ag scréachaigh is ag liúraigh is ag béiceach:

‘Dún na Banríona trí thine,’ ar sise, ‘ó, Dún na Banríona fé bharr lasrach!’

Amach leothu, leis an mórsheisear, is gach aon scréach acu, is iad ag caisliúraigh:

‘Ceann mo linbhse is ceann do linbhse dóite,’ a deiridíst.

D’imíodar uaithi ansan, agus chuaigh sí isteach agus dhein sí fé mar a dúirt an mháthair léi: chuir sí an bolta ar an ndoras, chuir sí an sciléad uisce ar an dtine is nuair a bhí sé mallabhog thóg sí anuas é, nigh sí cosa an choiligh ann is chuir sí thar n-ais don chúib é, nigh sí an tlú na tine is thriomaigh sí é is chuir sí ina seasamh leis an adharta é, agus dhein sí an rud céanna leis na mugaí agus leis na plátaí, agus ansan chuaigh sí a chodladh di féin.

Ní fada in aon chor a bhí sí ina codladh, nuair a bhraith sí an fothram ag teacht, agus iad imithe le báiní agus gach aon scréach acu:

‘Oscail, a mheidrigh!’ arsa iadsan. Níor labhair sí drandam.
‘Oscail, a mheidrigh!’ arsa iadsan aríst. Níor lig sí uirthi gur chuala sí iad. ‘Oscail, a choiligh!’ arsa iadsan.

‘Ní fhéadfainn é,’ arsa an coileach, ‘mar tá mo chosa nite is mé curtha thar n-ais don chúib.’

‘Oscail, a thlú na tine!’ arsa iadsan.

‘Ní fhéadfainn é,’ arsa an tlú, ‘mar táim nite, triomaithe, agus mé curtha i mo sheasamh leis an adharta anso aríst.’

‘Oscail, a phlátaí!’ arsa iadsan.

‘Ní fhéadfaimis é,’ arsa na plátaí, ‘mar táimid nite agus ár mbéal fúinn ar an ndresser.’

‘Oscail, a mhuga!’ arsa iadsan.

‘Ní fhéadfainn é,’ arsa an muga, ‘mar táimidne leis nite agus ár mbéal fúinn anso ar an ndresser.’

‘Oscail, a sciléad uisce na gcos!’ arsa iadsan.

‘Ní fhéadfainn é,’ arsa an uisce na gcos, ‘mar táim crochta thar n-ais os cionn na tine.’

Dhera, ní dheineadar aon ní ansan ach preabadh in airde ar dhíon an tí agus thosnaíodar ag réabadh agus ag réabadh agus ag réabadh, agus bhíodar isteach go dtí an scraithín díreach, agus iad ar tí an scraithín a bhogadh agus í a mharú istigh, nuair a ghlaoigh an coileach ‘Mac na hÓighe slán!’ agus scinneadar leo fé mar a dhéanfadh splanc lasrach.

Ach, is mairg a báitear le linn na hanaithe, mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. Bhí an lá dár gcionn ina lá aoibhinn agus bhí an fharraige ina léinsigh, agus tháinig a céile agus a mac abhaile slán sábhálta. Ach, bí deimhnitheach de nár fhan sí riamh ina dhiaidh sin ina haonar ar an Oileán Tiar!