FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar nua le Micheál Ó Conghaile – Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnacht 2015)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Micheál Ó Conghaile atá againn

Diabhlaíocht Dé

Arbh é díomhaointeas Dé an lá áirithe úd ba chúis leis an diabhlaíocht ar fad? Ag fálróid trí fhoraois i gcríocha fiáine a bhí sé go leamh leadránach nuair a chonaic sé driobaill dhá ápa aeracha ag sliobarna anuas as géagán crainn i mbealach a chosáin. Deartháireacha meánaosta ba ea an dá ápa. Cúpla. Cén fáth a bhfuil siad siúd sa mbealach ansin i mo chosánsa, a smaoinigh sé, agus iad chomh gealgháireach sa mullach ar an méid sin. Mura acu atá an muineál agus mise ag dul an bealach!

Ag placadh torthaí ar a só a bhí na hápaí. Iad ag caitheamh uathu na gcraicne, iad mar a bheadh ag sciotraíl idir plaiceanna. Gan aird acu ar an saol ná ag an saol orthu ach iad sásta síochánta. Nó gur casadh Dia an bealach.

Ar cheap sé gur faoi a bhí siad ag gáire? Smaoinigh sé ar phlean láithreach a spreag i mbun diabhlaíochta é. Shac sé amach a lámh go tobann le breith ar dhrioball orthu chun iad a sciobadh chuige anuas chun na talún. Ach mhothaigh na hápaí meabhracha sinneán garbh gaoithe a láimhe agus léimeadar in airde go cliste ó ghéagán go géagán. Shearr Dia amach a lámh fhada níos faide agus níos faide fós agus rug ar dhrioball ar an gceann ba ghaire dó is stróic anuas chuige é. Áhá, tá tú agam anois, a dhiabhailín, a dúirt sé leis féin. Thug an ceann eile, an deartháir ba shine den chúpla, a chosa leis ar éigean ach bhí sé fágtha gan drioball.

Lig an t-ápa a bhí greamaithe scread chráite as agus Dia á stracadh chuige, Dia a raibh idir olc agus náire anois air gur éalaigh ceann acu uaidh agus a bhí toilteanach an t-olc sin a ídiú ar an ápa a bhí á chuibhriú aige.

“Éist liom, éist liom,” a scread an t-ápa, “nach mór a bhainim duit.”

“Mise is ní tusa a shocraíonn a mbaineann is nach mbaineann domsa,” a dúirt Dia go teann. “Ná hinis fios mo ghnó domsa.”

“Nílimse ag iarraidh tada a inseacht duit,” a dúirt an t-ápa. “Ná ag rá tada leat. Ar mo bhealach suas sa gcrann a bhí mé i mbun mo ghnó féin.”

“A bhí tú,” a gháir Dia go magúil, “do ghnó féin, ab ea? Mura tú atá tábhachtach. Nach ag iarraidh éalú uaimse a bhí tú! Áhá? Nach féidir liomsa freisin dul i mbun mo ghnó féin . . . agus más ionann an dá ghnó, mo ghnósa is do ghnósa! Áhá? Agus cén fáth ar shíl tú éalú uaim mura raibh tada déanta as an mbealach agat?” Agus rinne sé gáire mór searbh a chuala gach ápa ar fud na foraoise agus a chuir a gcnámh droma ar crith ina gcolainn is a gcolainn ar crith ina gcraiceann.

Rug Dia i ngreim cúil go garbh ar an ápa agus chroith chomh mór é is go dtitfeadh anam as dá mbeadh a leithéid istigh ann. Lig sé dó titim ar an talamh faoina chosa. D’fhan sé ina chnap tite i bhfanntais ansin mar a bheadh mála gainimh ann.

Bhí Dia sásta leis féin i dtosach ach théis tamaillín thosaigh sé ag goilliúint air nár mhothaigh an t-ápa tada agus nach raibh ar a chumas tada a rá a d’fhéadfadh sé a fhreagairt nó a bhréagnú le fírinne, cruachaint, bréagchaint nó dea-chaint. Shéid sé a anáil the síos air agus bheoigh suas aríst é.

“Ouch!” a scread an t-ápa nuair a thuig nach raibh sé marbh ar chor ar bith agus go bhféadfadh pianta fáis is báis an tsaoil a bheith roimhe aríst eile.

“Cén sórt ouch atá anois ort!” Rug Dia i ngreim cúil aríst air is chroith go maith é nó gur thit cac te amach as. “Éist liom!

Éist liom is ná croith an cac amach asam roimh a am,” a dúirt an t-ápa idir dhá chroitheadh de láimh storrúil fheartúil Dé. Thit meall eile caca as.

“Bíodh imní ort! Beidh fuílleach de sin i gcónaí in do leithéidse mar nach gcroithfidh mé asat ach a thrian.”

Lig sé dó titim síos faoi ar an talamh aríst. Ar a thóin ina chac smeartha féin.

“Oscail do bhéal anois dom,” a d’ordaigh Dia.

“Cén fáth a n-osclóinn mo bhéal duitse, cibé cé tú féin,” a dúirt an t-ápa, “agus an drochbhail atá tú a chur ar mo shaol.”

“Mar nach bhfuil aon rogha agat ach glacadh le m’ordú,” a bhéic Dia. “Tá sé chomh simplí sin. Más maith nó olc leat é, sin é an chaoi a bhfuil sé. Oscail do bhéal. Oscail do bhéal dom, a deirim! Sin ordú!”

Agus nuair a dhiúltaigh an t-ápa géilleadh dá ordú rug Dia ar ghiall air agus d’oscail a bhéal le láimh láidir agus choinnigh oscailte é lena mhéaracha. D’oscail sé a bhéal féin ansin agus shéid sé lasair dhearg dhorcha siar ann lena anáil agus dhún béal an ápa de phlimp. Choinnigh sé a lámh go docht daingean ar a bhéal agus ar a pholláirí nó gur mhúch an lasair istigh ann d’easpa aeir is gur iompaigh isteach ina anam.

“Slog siar an t-anam sin anois agus beidh d’anam féin agat is ag do shliocht an chuid eile de do shaol is den tsíoraíocht fhada ina dhiaidh sin,” a d’ordaigh Dia.

Ach níor theastaigh ón ápa frídíní, galair ná anam eachtrannach ar bith d’aon chineál a ghlacadh isteach ina cholainn ná ina phearsa féin.

“Slog siar é,” a d’ordaigh Dia aríst i nguth níos airde, “siar leis mar aniar ní thiocfaidh sé.”

D’fháisc sé an athuair a ghreim docht daingean.

“Tá neart spáis istigh ionat dó ó chroith mé cuid mhaith de do chuid caca amach asat.”

Thosaigh aghaidh an ápa ag cur dathanna di is a shúile ag bolgadh mar a bheadh a chuid féitheacha ag líonadh le fuil le linn dá anam a bheith á dhó ina lár is ag neadú istigh ann.

Thit a dhrioball agus brat dá ghruaig de leis an stró is an strus. Shlog sé an t-anam ar deireadh ansin sul má phlúchfaí é nó sul má phléascfadh sé. Is mhothaigh sé istigh ina ucht é ina chnap trom luaidhe dingthe mar leac os cionn a chroí, ag brú an aeir amach as leathscamhóg leis go pianmhar. D’ardaigh Dia a lámh dá bhéal go buacach.

“Anois, déanfaidh tú mar a deirtear leat feasta de do dheoin nó de d’ainneoin nó is duit agus do do chine daonna is measa,” a gháir sé go magúil.

D’ardaigh an t-ápa suas a cheann go mall agus d’fhéach suas sa gcrann, é suaite. “Cén fáth dul ag piocadh ormsa?” a d’fhiafraigh sé go briste brúite.

“An gá fáth?”

“Cén fáth?”

“Mar go raibh a chead sin agam.”

“Cé a thug cead duitse? Cé tú féin?”

“Cé a deireann tusa mé?”

“Is cuma liomsa sa diabhal! Féach anois céard atá déanta agat! Tá anam sáite isteach agat ionam, nach bhfuil?”

“Is tá trí amhábhar an anama san anam sin! Cuimhne, tuiscint agus toil.”

“Tuige?”

“Chuile thuige.”

“Níor theastaigh anam ar bith uaimse.”

“Bain triail as, go bhfeice tú leat.”

“Triail? Is go bhfeice mé liom! Go bhfeice mé liom, ab ea? Bhí mé sách déanta mar a bhí mé agus sách anamúil gan tusa do ladar ná do ladhar cam a shacadh isteach ionam.”

“An mise nó tusa a shocraíonn nuair a bhíonn neach sách déanta?”

“I leaba duit breathnú amach do do shaol féin, má tá a leithéid agat!”

“Seo é mo shaol, do shaol!Mo ríocht, do ríocht más maith leat fios a fháil air . . . Óir ní hionann an dall agus an té a bhfuil amharc aige, an balbhán is an cainteoir, an dorchadas is an solas, an teas is an fuacht, an scáth is an scáile, an beo is an marbh. An saol seo is an saol eile. Déanfaidh tusa do ghnó anseo ar dhroim na talún feasta. Mar is féidir liomsa an intinn a theastaíonn uaim a oscailt a oscailt agus an intinn a theastaíonn uaim a fhágáil dúnta a fhágáil dúnta!”

“Agus coillteán déanta díomsa ar mhaithe le do ríochtsa! Do thriailse! Ara, bíodh na seacht ndiabhail agat, tá mé dubh dóite díot féin, de do chuid dhea-chainte, do chuid ramhailtí is do chuid lúbaireachta,” is léim an t-ápa leis i dtreo an chrainn ag ligean scread scáfar suas ar a dheartháir is a chomhluadar. D’ardaigh sé a chos le siúl suas ar chraiceann rocach an chrainn ach greim ní raibh méaracha ná bonnacha a chos in ann a dhaingniú ann, ach iad ag scríobadh is ag sleamhnú mar a bheadh ar leac oighir. D’ardaigh sé a lámh ag breith ar ghéagán is á luascadh féin chun go n-ardódh suas é féin go grástúil ápúil ar an gcéad ghéagán eile . . . Baineadh preab as. Ní raibh an spreacadh ina lámha níos mó ná lúth luascach ina ghéag a d’ardódh suas é. Chroith sé é féin is sheas siar. Thug fogha eile faoin gcrann . . . Luasc sé é féin aríst is aríst eile nó go raibh léasracha ar a lámha ach is ag lagú a bhí spreacadh a ghéag,  meáchan damanta a cholainne féin á tharraingt anuas i dtreo na talún, á thuirsiú, á mharú. B’éigean dó a ghreim a bhogadh den ghéagán. Ligean dó féin titim faoi.

“Ualach an anama dhamanta sin atá istigh ionam,” a scread sé. “Croch leat asam an rud anróiteach sin,” a dúirt sé le Dia, ag iompú timpeall. Ach ní raibh sé in ann Dia a fheiceáil in áit ar bith cé gur fhéach sé chuile thaobh. Ach bhraith sé ar an láthair in áit eicínt é, nó sin a cheap sé, mar bhí boladh tais san aer gach taobh de, rud a chuir iontas air ainneoin é a bheith dofheicthe.

“An gcloiseann tú mé? Croch leat asam an t-anam bréan sin.”

“Níl sé uaim faoi láthair agus is leatsa anois é ar aon nós,” a chuala sé macalla de guth Dé ag rá ina chluais. Nó sin a mheas sé. An macalla á tholladh.

“Níl sé uaim.”

“Bí buíoch.”

“Croch leat é.”

“Crochfad. Nuair a chrochfad.”

“Cén gnó atá agamsa de?”

“Gnó na colainne, na hintinne is an duine. An duine ar cuid de é.”

“Duine!”

“Sea, duine. Is duine anois tú.”

“Ba chuid díom an drioball a bhí ar ball beag orm, an greim taca a bhí i mo chosa, an spreacadh luascach a bhí i mo ghéaga, an – ”

“Seo é do spreacadh. Do spiorad. Spreacadh is mó ná spreacadh do ghéag is do bhriathra. Spreacadh nach féidir a scaradh ó d’anáil. Ní measa duit é ná dá gcaillfeá do lámh chlé is do chos dheas nó do lámh dheas agus do chos chlé.”

“Scar m’anam uaim anois díreach, a deirim. Níl uaim ach é a chailleadh.”

“É a chailleadh! Ní é a chailleadh atá uait. É a choinneáil. A shábháil. A thabhairt!” a chuala sé guth Dé ag portaireacht ina dheilín is é ag feadaíl go meidhreach ansin, an phortaireacht is an fheadaíl ag dul i laige, i léig.

Mhothaigh sé drochspiorad déisteanach a bhí lán de dhiabhlaíocht dhiamhrach ina thimpeall. É ag mothú lag is traochta, fios aige faoi seo nach raibh aon mhaith dó ann. Shiúil sé timpeall an chrainn roinnt babhtaí eile ag féachaint suas. Rinne lagiarracht amháin eile é a dhreapadh. Bhí fuar aige. Scread sé suas ar a dheartháir, ar a ghaolta is ar a mhuintir. Chuala sé ag sioscadh go scanrúil i gcéin iad ach bhí ag teip air iad a thuiscint. Mar a bheadh canúint tagtha orthu . . . Mhéadaigh ar a scáth. A scanradh. A pháis.

Bhí an oíche ag titim. Go dubh tiubh dorcha. Á fáisceadh féin isteach air. Shuigh sé síos ag bun an chrainn go dobrónach. Shín sé siar. As anáil. A lámha leagtha ar a bholg aige amhail is dá mbeadh ar tí a bheith i luí seoil. Thit néal trom air faoi dheireadh leis an tuirse throm mharfach . . .

Thuirling spiorad rónaofa ar an gcloch chrua a bhí mar philiúr faoina cheann.

“Tá meabhair anois agatsa, compánach d’anama.”

“Bhí mheabhair i gcónaí agam. Mo mheabhair féin.”

“Ach meabhair bhreise . . .”

“Dá mbeadh uaim! Bhí ar theastaigh de mheabhair riamh agam le mé féin a choinneáil beo ó lá go lá.”

“Ní arán amháin a choinníonn beo an duine . . .”

“. . . Bhí an t-ápa breá sásta le haon toradh amháin . . .”

“. . . ach géilleadh do thoil Dé.”

“Toil Dé?”

“Sea, toil m’Athar.”

“Do thoil féin nó toil d’athar?”

“Mar a chéile muid.”

“Cé faoi a bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag magadh?”

“Oibríodh tú féin is seacht sliocht do sheacht sleachta an tomhas sin amach. Beidh saol fada agaibh chuige.”

“. . . agus freastal ortsa anois, ab ea?”

Níor fhreagair an spiorad rónaofa, an guth sa gcluais.

“Duine! An duine le bheith mar sclábhaí agatsa, ab ea!” “Sclábhaí é an t-ainmhí freisin.” “Ó, sea, ab ea?”

“Sclábhaí dó féin, dá shaol féin. Don duine.”

“Ach is sclábhaí do dhia eicínt an duine . . . !”

“Don bhealach. Don fhírinne. Don saol. Ní saol ach saol síoraí . . . Má tá do shaol síoraí uait.”

“Ba leor dom an saol a bhí agam is ghoid tú uaim é.”

“Is féidir leat d’anam a shábháil.”

“Domsa nó duitse? Duitse is dóigh,” a dúirt an té a bhí anois ina dhuine ansin, á fhreagairt féin.“Duitse anam an duine! Is bíodh an diabhal ag an duine féin!”

“Seas suas díreach anois. Éirigh in do sheasamh, a deirim, is cuir cuma na maitheasa ort féin. Níl sé rómhall. Lean mise!”

Dhúisigh sé go tobann. Chuimil a shúile. Cé hé seo? A dheartháir a bhí lena thaobh, é théis sciorradh anuas as an gcrann go ciúin. Rug siad beirt barróg mhór ar a chéile agus phóg.

Sciob sé na torthaí a thug sé chuige le dúil. Sciorr siad as a lámha. Rug sé aríst orthu go mbainfeadh sé an craiceann díobh is sú ag teacht óna chuid fiacla. Ach ní raibh an ábaltacht nádúrtha chéanna ina lámha ná ina mhéaracha chuige. Chuidigh an deartháir leis, a shúile ag méadú . . . D’ith sé cuid acu. Ach ní bhfuair sé an blas céanna orthu. Iad mar a bheadh searbh nó stálaithe. Ach mhaolaigh siad a chuid ocrais, beagán. Mhothaigh siad beirt míchompordach. Aisteach. Strainséarthach beagnach. Ach chodail siad i mbarróg mhuirneach a chéile go sámh an chuid eile den oíche.

Bhí sé ina mhaidin gheal nuair a dhúisigh siad is nuair a bhog siad dá ngreim docht. Shearr siad a ngéaga go neamhspleách. Dhírigh siad aniar agus shuigh siad beirt ar a dtóin. D’fhéach siad isteach go domhain i súile grámhara a chéile, a lámha ar a chroí ag an duine amhail is dá mbeadh at ann, a ghéaga ligthe síos lena thaobh ag an ápa. Gheit an croí ann ar feadh nóiméid agus é ag stánadh isteach i súile an dearthár, é á fheiceáil ar bhealach nach bhfaca riamh cheana é, amhail neach de threibh eile ó aois eile, ó ré eile. Scanraigh a thuiscint féin é.

Thug an deartháir cuireadh suas sa gcrann aríst dó le comhartha dá ghéaga, é sásta é a tharraingt ina dhiaidh nó a iompar ar a dhroim fad a bheadh sé ina éarlais. “An é nach dtuigeann tú . . . ó, an é nach dtuigeann tú?” a chaoin sé. “Ach cén chaoi a bhféadfá é a thuiscint, a chréatúir gan tuiscint.”

“Á?”

“Ní mar a chéile muid.”

“Is mar a chéile muid.”

“Ní mar a chéile muid.”

“Ba mhar a chéile muid. Clann na haonmháthar is athar! Deartháireacha. Cúpla. As aon bhroinn amháin. I bhfoisceacht nóiméadacha dá chéile . . .”

“Ní deartháireacha níos mó . . . ní deartháireacha faraor. Ná clann an aon athar feasta.”

“Óó óóó!”

“Beidh saol agatsa nach mbeidh agamsa is saol agamsa nach mbeidh agatsa.”

“Is cén sórt saoil a scarann deartháireacha?”

“Díomhaointeas ár n-athar.”

“Ár nAthair?”

“. . . atá ar neamh.”

“Á . . .”

“M’athair, atá ar neamh!”

“D’athair? Athair a scoilteann teaghlaigh!”

“Diabhlaíocht Dé!”

Is d’fhág na deartháireacha, nár leasdeartháireacha fiú anois iad, slán ag a chéile, iad beirt ag gol go goilliúnach. D’iompaigh an t-ápa a chúl leis, é ag léimneach is ag luascadh go drogallach suas ar na géagáin, gan breathnú siar. Is ag dul ó chrann go crann go treallúsach teann . . . is thíos faoi an deartháir dall stoite ag siúl go tromchosach ar thóir fhoscadh na gcrann ard. Ina dheoraí. Ar thóir a lóistín ar dhromchla dóite míthrócaireach na talún. Sáinnithe ansin i gcroimeasc a cholainne féin. In adhastar a intinne. I dtrap fiaclach a anama . . .

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar nua le Micheál Ó Conghaile – Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnacht 2015)'