FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar le Éilís Ní Dhuibhne – Hurlamaboc (Cois Life, 2006)

I gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Éilís Ní Dhuibhne atá againn. © Cois Life 2006

Eilis

RUÁN

Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól.

Bheadh an ócáid iontach á ceiliúradh acu i gceann seachtaine. Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis. Sin a dúirt siad, pé scéal é.

‘Beidh an-lá go deo againn!’ a dúirt Cú, an mac b’óige. Cuán a bhí air, i ndáiríre, ach Cú a thugadar air go hiondúil.

Bhí trí bliana déag slánaithe aige.

‘Beidh sé cool,’ arsa Ruán, an mac ba shine. Ocht mbliana déag a bhí aige siúd. Níor chreid sé go mbeadh an chóisir cool, chreid sé go mbeadh sé crap. Ach bhí sé de nós aige an rud a bhí a mháthair ag iarraidh a chloisint a rá léi. Bhí an nós sin ag gach duine.

Agus bhí Lisín sásta. Bhí a fhios aici go mbeadh an ceiliúradh go haoibhinn, an fhéile caithréimeach, mar ba chóir di a bheith. Caithréim a bhí bainte amach aici, dar léi. Phós sí Pól nuair nach raibh ann ach ógánach anabaí, gan maoin ná uaillmhian. Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. Ise a d’aithin na féidearthachtaí a bhí sa bhuachaill aineolach seo. Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. Teach breá aige, clann mhac, iad cliste agus dathúil.

Bhí a lán le ceiliúradh acu.

Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici – bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile shórt. Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici – is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b’sin an saghas í – agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe.  Rudaí milse den chuid is mó de, agus rudaí nach raibh milis ach nach raibh i Reoiteoir a hAon. Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. Bhí gach rud ann glan agus néata agus álainn: péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir, bláthanna sna prócaí.

Mar sin a bhí i gcónaí, sa teach seo. Teach Mhuintir Albright. Teach Lisín.

Bean tí den scoth a bhí i Lisín. Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn, agus ag an am céanna bhí sí féin néata agus álainn. De ghnáth is rud amháin nó rud eile a bhíonn i gceist ach níorbh amhlaidh a bhí i gcás Lisín.

‘Ní chreidfeá go raibh do mháthair pósta le fiche bliain,’ a dúirt an tUasal Mac Gabhann, duine de na comharsana le Ruán, nuair a tháinig sé go dtí an doras lá amháin chun glacadh leis an gcuireadh chuig an chóisir. ‘Agus go bhfuil stócach mór ar do nós féinig aici mar mhac!’ Tá an chuma uirthi gur cailín óg í’.

Yeah,’ arsa Ruán, gan mórán díograise. Ach b’fhíor dó. Bhí an chuma ar Lisín go raibh sí ina hógbhean fós. Bhí sí tanaí agus bhí gruaig fhada fhionn uirthi. Bhuel, bhí an saghas sin gruaige ar na máithreacha go léir ar an mbóthar seo, Ascaill na Fuinseoige. Bóthar fionn a bhí ann, cé go raibh na fir dorcha: dubh nó donn, agus, a bhformhór, liath. Ach ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith, agus rud ab iontaí fós ná sin ní raibh ach bean amháin dorcha ar an mbóthar – Eibhlín, máthair Emma Ní Mhurchú. Ach bhí sise aisteach ar mhórán bealaí. Ní raibh a fhios ag aon duine conas a d’éirigh léi teach a fháil ar an mbóthar. Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b’in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an mbruscar bhíodh gúnaí oíche deasa orthu, agus an ghruaig cíortha go néata acu, ionas go dtuigfeadh na fir a bhailigh an bruscar gur daoine deasa cé nár éirigh siad in am don bhailiúchán uaireanta. Ach bhí rud éigin sa bhreis ag Lisín orthu ar fad. Bhí sí níos faiseanta agus níos néata ná aon duine eile. I mbeagán focal, bhí sí foirfe.

Lig Ruán osna ag smaoineamh uirthi. Bhí grá aige dá mháthair. Níor thuig sé cén fáth gur chuir sí lagmhisneach air an t-am ar fad, nuair nár thug sí dó ach moladh. Moladh agus spreagadh.

‘Inseoidh mé di go mbeidh tú ag teacht. Beidh áthas uirthi é sin a cloisint.’ Dhún sé an doras, cuibheasach tapa. Bhí rud éigin faoin Uasal Mac Gabhann a chuir isteach air. Bhí sé cairdiúil agus gealgháireach, agus ba mhinic grinnscéal de shaghas éigin aige. Ach bhí súile géara aige, ar nós na súl a bhíonn ag múinteoirí. Fiú amháin agus é ag caint ag an doras bhí na súile sin ag stánadh ar Ruán, agus an chuma orthu go raibh x-ghathú á dhéanamh acu ar a raibh laistigh dá intinn agus ina chroí.

Bean thanaí, dhathúil, ghealgháireach, bean tí iontach, agus ag an am céanna bhí a lán rudaí eile ar siúl ag Lisín. Ní raibh post aici. Cén fáth go mbeadh? Bhí ag éirí go sármhaith le Pól; bhí sé ina léachtóir san ollscoil, i gcúrsaí gnó, ach ní sa chomhthéacs sin a rinne sé a chuid airgid ach ag ceannach stoc ar an Idirlíon. Bhí sé eolach agus cliste agus ciallmhar, agus bhí raidhse mór airgid aige um an dtaca seo, agus é go léir infheistithe sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc. Bhí árasáin agus tithe aige freisin, anseo is ansiúd ar fud na hEorpa, agus cíos á bhailiú aige uathu.

Ní raibh gá ar bith go mbeadh Lisín ag dul amach ag obair. Mar sin, d’fhan sí sa bhaile, ach bhí sí gnóthach, ina ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna: clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta, clubanna a d’eagraigh léachtaí ar stair áitiúil agus geolaíocht áitiúil agus litríocht áitiúil, agus faoi conas do ghairdín a leagan amach ionas go mbeadh sé níos deis ná gairdíní na gcomharsan nó do theach a mhaisiú ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad. Murar leor sin, d’fhreastail sí ar ranganna teanga – Spáinnis, Rúisis, Sínis, Seapáinis. Bhí suim aici i scannáin agus i ndrámaí. Ní raibh sí riamh díomhaoin agus ba bhean spéisiúil í, a d’fhéadfadh labhairt ar aon ábhar ar bith faoin ngrian. Dáiríre.

Ceannaigh Anseo

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar le Éilís Ní Dhuibhne – Hurlamaboc (Cois Life, 2006)'