FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Alan Titley – An Bhean Feasa

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Alan Titley atá againn

Titley

BROLACH

Crochadh bean ar chimín Bhostúin Shasana Nua ar an 16ú de Shamhain 1688. Bean Éireannach ba ea í a thagann anuas chugainn sa stair faoin ainm Goody Glover. Ann ab ainm di um an tráth sin, agus níl in ‘Goody’ ach leagan Piúratánach de ‘Goodwife’ a thugtaí ar mhná pósta i gcoitinne, bíodh siad maith nó dona. Níl a fhios againn go cruinn cad é an sloinne ceart a bhí uirthi, má bhí sloinne ar bith, mar is léir nach bhfuil san ‘Glover’ aici ach ainm seirbhísigh nó sclábhaíochta. Bhí roinnt bheag teaghlach a raibh Glover orthu ina gcónaí i mBostún in 80í na 17ú haoise, agus is dóichide gurbh ag obair do cheann éigin díobh a bhí sí ar feadh tamaill, nó gurbh iad a thug ann í óna tréimhse aimsir sclábhaíochta sna hIndiacha Thiar.

Cuireadh asarlaíocht ina leith agus daoradh chun a crochta í. Bhain an cás asarlaíochta le páistí John Goodwin a raibh a hiníon, agus b’fhéidir í féin sealad, ag obair dóibh mar chailleacha níocháin. Dhearbhaigh iníon John Goodwin, Martha, gur chuir Ann briocht drochdhraíochta uirthi is chrom ar thaomanna tinnis is siabhráin a bheith aici. Is féidir a rá gur réamhtheachta ba ea an cás seo don ráig bhuile i gcoinne daoine ar samhlaíodh iad a bheith ina mná feasa in Salem ceithre mbliana ina dhiaidh seo.

Is de shuimiúlacht dúinne gur Gaeilge ar fad a labhair sí nuair a tugadh os comhair na cúirte í, agus níl sé soiléir in aon chor cén tuiscint a bhí aici ar an mBéarla, má bhí tuiscint ar bith. Tá faisnéis éigin againn ar an gcás cúirte inar daoradh í agus ar chuid de na himeachtaí a tharla timpeall ar an gcás sin. Tá a fhios againn gur cheistigh an diagaire mór le rá Cotton Mather í, fear a raibh a athair, Increase Mather, ina uachtarán ar Choláiste Harvard roimhe seo agus a rinne staidéar i gColáiste na Tríonóide. Tugann Cotton Mather cuntas dúinn uaidh ar an gceistiúchán sin ina leabhar Memorable Providences, Relating to Witchcraft and Possessions a foilsíodh sa bhliain 1689. Ba dhóigh leis siúd go raibh a dóthain Béarla aici agus gur dócha gur le teann stuaice a dhiúltaigh sí a labhairt. Níl dochreidte ar fad, áfach, mar dhuine a chaith a saol ar fad idir Éire a hóige agus Muir Chairb na sclábhaithe Gaelach, gur fíorbheagán den Bhéarla a bhí riamh aici.

Tá a fhios againn, leis, gur díbríodh as Éirinn í san fhuadach mór a lean concas Chromail nuair a cuireadh na deicheanna mílte Gael, rud ar bith idir 20,000 ar a bheag go dtí 50,000 nó tuilleadh a mheastar, mar sclábhaithe chun na hIndiacha Thiar. Go hIamáice, Montserrat agus Barbados a cuireadh a bhformhór agus bhí siad páirteach sna héirithe amach coitianta i gcoinne a stádais mar dhaoir. I gcás na mná seo againn féin níl d’eolas againn ach gur go Barbados a seoladh í, agus de réir shifíní an bhéaloidis gur chuir a fear céile asarlaíocht nó draíocht dhubh ina leith ar leaba a bháis féin.

Tá an t-úrscéal seo bunaithe ar an mbeagán atá ar eolas go fírinneach ina taobh – go raibh a leithéid de phearsa stairiúil ann, gur díbríodh as Éirinn í, gur chaith na blianta ina sclábhaí goirt agus tí in Barbados, gur aistríodh go Bostún, gur cuireadh asarlaíocht ina leith agus gur crochadh í – ach samhlaíocht is ea atá sa chuid eile. Toisc pearsana eile a bhfuil taifead againn orthu, agus pearsana stairiúla áirithe mór le rá eile a bheith i lúib a scéil, níorbh fholáir páirt a thabhairt dóibh siúd chomh maith fara na bpearsan eile nárbh fholáir dá leithéid na bóithre sin a shiúl ina teannta.

B’í Ann ‘Goody’ Glover an duine deiridh a crochadh mar asarlaí i mBostún féin, cé gur leathnaigh an galar go fairsing chun na críche maguaird. Thug Comhairle na Cathrach i mBostún aitheantas don 16ú Samhain mar ‘Goody Glover Day’ sa bhliain 1988. Tá teach tábhairne amháin ainmnithe aisti i gcathair Bhostúin an lae inniu, rud nach mbeadh lucht a crochta róshásta leis go fiú is dá mbeadh siad in ann iompáil ar a mbolg san uaigh.

I. CROCHADH

ina gcrochtar Goody Glover, ina gcasaimid ar lucht a cúisithe, ina ndéantar trácht ar a triail, ina gcloisimid fianaise a lucht aitheantais, mhuintir an bhaile, daoine nach iad, agus ina labhrann captaen loinge

CLEMENCY GOODWIN, finné, 16 Samhain 1688

An bhitseach, bhí sé ag dul di, gan amhras! Cad eile a dhéanfá Leo siúd a dhein an chonair cheart a thréigean? Má dhein sí Déithe falsa an éithigh a adhradh, cad é sin domsa ná dom mhuintir?

Bhí a haghaidh chomh mílítheach leis an bpeaca, is fíor, Chomh bán leis na scamaill a bhí os a cionn lasnairde, Chomh liath leis an tréimhse seo idir dhá ghealán.

An raibh trua agam di, a fhiafraíonn tú? Trua an duine Le duine eile? Trua an Chríostaí chóir leis an bpeacach? Ach d’fhoráil Dia orainn gan ligean leis an mbandraoi

A beatha. Ar thuig sí ina croí istigh a raibh roimpi? Ní thuigeann an croí dubh solas bhláth an ghrásta Ach an croí is duibhe féin loisctear rua in Ifreann.

Ní raibh bualadh amach uirthi maidir le hainnise, Diúra an duine ag siúl i lár an bhealaigh seo againne Aghaidh uirthi chomh liath le leac na huaighe,

A cosa á dtarraingt go malltriallach ní nach ionadh Trí shráideanna a bhí breicnithe le daoine maithe Agus thar thithe a bhí ag iarraidh breith ar an aer.

Ina dhiaidh sin níor chaith mise aon eascaine léi, Níorbh fhiú liom í; níorbh fhiú liom m’anáil A chur amú le fuaicle crón i mbéal na maidne fuaire.

Bhí feicthe cheana agam ar bhruach na farraige Éadaí salacha á mbualadh ar ghualainn cloiche, Gibris cainte is seilí slaimiceálta lena béal síos.

Ní raibh de chuimhne agam ach go gcaithfinn a seachaint, Na súile beaga sin aici ina caora ruamanta a chuirfeadh Fiuchadh san uisce i gcorp an gheimhridh istigh.

A cuid gruaige ina slaoda liatha anuas go gránna, Dosa feamainne gan luisne an tsáile ina sholas tríothu Agus lámha garbha nár chlúdaigh láimhíní riamh.

Chuala a tásc, gan gó, tásc an oilc is na goimhe, Chuala na scéalta mion is mór a ghluais sa ród roimpi, Deoir ná deoir níor ghoil mé is í ag dul chun na croiche.

REDEEMED BREWSTER, fear measúil, 16 Samhain 1688

Ag coinne leis an lá mór a bhí mise. Crochadh ní fhaca Mé riamh. Thaitnigh sé liom scrogall circe a chasadh Ach ní hé an dá mhar a chéile é. Bean ba ea í seo

A dúradh, ach is dóigh liom féin gurbh ainmhí ba ea í. Bhí sí mór le hainmhithe pé ar domhan é, cait agus cairde Clúimh a dhein a gnó ar an talamh mar nár déanadh ar neamh.

Dúradh go raibh sí mór leis an diabhal, dúradh go mbíodh Sí ina chumann, dúradh go raibh an dubhdhraíocht aici, Dúradh gur luigh sí le gabhair, go bhfuarthas an tríú dide.

Creidim a ndúradh. Ní déarfaí seo gan fáth, gan fachain. Mo chomharsa féin, dúirt go bhfaca san oíche dhuibhré í Ag cabaireacht is ag monabhar le siosarnach sí gaoithe.

Sin é an fáth gur ghléas mé mé féin sna héadaí is fearr Is gur ghluais mé amach i dteannta an tslua. Gasra coiteann An bhaile, is mé a bhí mórálach a bheith ar a bhfud an lá sin.

Bhí an chróineacht luath fós ar íor an bhaile, Is ag gealadh leis don lá, chrom na daoine ar chruinniú I mbaiclí beaga scáinte, ann is as, is thall abhus.

Cuid acu ag cabaireacht is ag monabhar, caint íseal Bhaoth ar eagla go gcloisfeadh na deamhain sinn is go Roisfí an mhaidin mar a roisfí siúl na cruinne.

Chonac daoine ag bailiú clocha, is bhailíos clocha leo, Cinn bheaga chruinne ar dheas iad a láimhseáil, is Clocha géara eile a raibh adharc an diabhail ag gobadh uathu.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Alan Titley – An Bhean Feasa'