FOCAL IS FUAIM: Dánta le Louis de Paor á léamh ag an bhfile

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é an file Louis de Paor atá againn

Louis

Dánta le Louis de Paor as 30 Dán (Coiscéim, 1992), dearadh le Cliona Cussen agus grianghrafanna le Shirley Bourke agus an cnuasach dátheangach agus dlúthdhiosca agus rud eile de / and another thing (Cló Iar-Chonnacht, 2010) ar a bhfuil an focal labhartha le Louis de Paor, ceol le Rónán Browne  Zahrah Elsafty agus Eugene Kelly agus ealaín le Kathleen Furey.

Tá agus rud eile de / and another thing ar fáil ag an nasc anseo.

An Fhírinne Ghlan

Gan puth anála
fanta sa ghaoth
shéidte, lascann
cith plumaí is úll
díon iarainn na seide
i dtóin an ghairdín chúil,
líonn teangacha teasa mo chraiceann goirt,
pléascann laethanta dheire an tsamhraidh
mar sméara aibí
idir pioraimidí mo mhéar.

Tá an ceart ar fad agat.
Mar is gnáth.

Iar ráigeanna báistí
Nollaig phludach
i gcathair na madraí báite
traochann an fhuil,
seargann croí tuaisceartach
faoi ghrian teochreasa
gan taise.

Ar mo leabhar breac.
Ní déarfainn bréag leat.

Cranndacht

Chuir sí crann caorthainn
sa ghairdín inniu

chuimil a préamhacha
sular neadaigh i bpoll

méara chomh slim
le duilliúr an chrainn

a roghnaigh sí
dem bhuíochas.

Fiúise, ar ndóigh,
a bhí uaimse,
cloigíní fola,
deora Dé.

Is fada léi, a deir sí,
go bhfásfaidh an crann
go dtí an fhuinneog i mbarr an tí
mar a gcodlaíonn sí,

smearadh cré
ar a lámha leonta cailín
is iníon rí Gréige ag siúl
na hallaí bána laistiar dá súil.

Tá rian fola
ar stoc an chrainn
ina diaidh
nach féidir
le máthair na báistí
a ghlanadh ná a leigheas

Nuair a éiríonn an fhuil
i ngéaga an chaorthainn
dem bhuíochas, braithim
an chré ag análú go trom
sa seomra codlata in aice liom.

Go domhain san oíche
ionam féin, goileann Dia
racht fiúisí os íseal;
ní féidir a thocht a mhaolú.

Dán Grá

Bímid ag bruíon
gan stad. Cloisím
focail mo bhéil
ag pléascadh ina
smidiríní gloine
is gréithe briste
ar t-aghaidh iata
aolta. Nuair a
scuabaim smionagar
goirt ár gcumainn
bhriosc den urlár
(ní ghortóinnse cuil)
braithim chomh glan
le manach crua
bholgach t’réis caca.
Chomh sámh. Chomh
naofa. Foc na
comharsain.  Bímis
ag bruíon gan stad.

Sméara Dubha

Priocann sí braonta fola den sceach,
súile daite chomh glé
leis an am le teacht
nár dhoirchigh a hóige go fóill.

Más buan mo chuimhne, adeir sí,
bliain tar éis filleadh ón iasacht,
níl na sméara chomh blasta in aon chor
le sneachta na bliana seo caite.

Tá gile na taoide
chomh hard leis an ngrian
a líonann gach cuas dá cuisle,
is dealg sa chaint i ngan fhios di
a réabann craiceann mo mhéar.

Ba mhaith léi go mblaisfinn
den mhilseacht dhubh
atá chomh searbh
leis an bhfírinne ghlan
ar bharr mo theanga.

Ó thabharfann an lá seo
is na laethanta gearra go léir
a tháinig roimhe dem shaol
ach greim scrogaill
a bhreith ar an uain
is é a thachtadh,

go mblaisfeadh sí arís is arís eile
de sholas an lae seo ag dul as
chomh ciúin le sneachta na bliana seo caite
nár bhuail (is nach mbuailfidh)
urlár an tsaoil seo go deo.

Míorúiltí

An mó gealbhan a chonaicís, a Thiarna,
an lá ar scaradh cnámha a mhuiníl
dá chéile, an mó mionéan míorúilteach
gléasta amach i bhfeisteas Sholaimh
a chomhairís ag titim ón spéir
nuair a d’fháisc a mháthair
a raibh fágtha dá chorp briste
as tuáille lán allais,
nuair a scaip banaltra uiletrócaireach
an bháis a anam luatha gan luail
ar leac fuinneoige an oispidéil
le cac na n-éan síoraí?

An Tuiseal Ainmneach

Ó chuaigh tú anonn
tá comhartha agam ort,
ainm chomh righin le culaith
Chéad Chomaoineach
is taghd gan srian a éiríonn
níos minicí ná riamh
sa seamlas in iargúl mo mharana.

Bhí do bhéasa chomh cruinn
leis an ainm iasachta
a fuaireas mar bhronntanas
gan iarraidh uait, cúirtéis
chomh seanaimseartha le cuigeann
is an bainne curtha ó mhaith
ag cuthach ghrian an mheánlae,
do theanga dhomlasta féin.

An lá a cailleadh í –
leath do throigh,
leath do thaobh –
chuaigh an tine as
i bhfoirnéis do shúl;
scanraigh do dheora
an croí ionainn,
eagla go mbáfaí
sa díle gan choinne sinn
is tú ag impí Dia
na leanaí a chiúnú,
fé mar gur túisce
a chloisfí do phaidir sna flaithis
dá dtachtfaí aoibhneas neamh-
thrócaireach ár gcroí leanbaí

An la a d’imigh tú
fuaireas mo chion féin díot:
dealbh phéatair den mbanóglach naofa
a sheasadh ar garda id sheomra,
trilse a cinn
mínithe ag iarann do phóg
is croí scólta na banmhíle
ag doirteadh solais
ar fud do thaibhrimh.

Nuair a leagas Joan of Arc
ar an matal os cionn na tine
im sheomra codlatach féin
le súil go roinnfeadh sí liomsa
cuid éigin dá nádúr miotalach,
thit a ceann ar a hucht
mar a bheadh leanbh
tite dá codladh
ag a posta faire,
a cabhail róbhog
millte ag an teas.

Tá tú braite arís agam le tamall,
do chasachtach ghéar
chomh fairsing
le Cúirt an tSáirséalaigh
is tú á rá liom
go crosta grámhar
mo ghuaillí a dhíriú
is mo cheann a thógaint go hard
mar a oireann d’fhear ded phór
is é ag cruachan in aghaidh an tsó.

Tá faobhar ar mo ghuth
ag freagairt dem bhuíochas,
mo dhrom chomh righin
le glúin seanduine
nach feacfaidh arís
os comhair Dia ná duine
is mé ag siúl
is ndiaidh mo chúil
i leith na tine a dhein é.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Dánta le Louis de Paor á léamh ag an bhfile'