‘Focail mhilse’ agus ‘athchúrsáil’ – díomá léirithe faoi pholasaí nua an rialtais do na hoileáin

Tá ráite ag polaiteoirí nach bhfuil polasaí nua do na hoileáin láidir go leor agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé ‘teibí agus éiginnte’

‘Focail mhilse’ agus ‘athchúrsáil’ – díomá léirithe faoi pholasaí nua an rialtais do na hoileáin

“Focail mhilse” agus “athchúrsáil” atá i gcuid mhór de pholasaí nua an rialtais do phobail na n-oileán, a deir an Teachta Dála Catherine Connolly.

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys an polasaí nua, Ár nOileáin Bheo, ar Árainn Mhór i nDún na nGall inné chun tacú le pobail na n-oileán amach ó chósta an iarthair.

Chuir an Teachta Dála neamhspleách fáilte roimh fhoilsiú an pholasaí “faoi dheireadh” ach dúirt sí le Tuairisc gur cosúil go raibh cuid mhaith atá ann tógtha ó pholasaithe agus pleananna eile a bhí foilsithe ag an rialtas roimhe seo.

“Ceapaim go bhfuil sé lán le focail mhilse – daonra na n-oileán a mhéadú, éagsúlacht ó thaobh geilleagair, pobail a chothú. Athchúrsáil ó pholasaithe eile atá i gceist ón méid atá léite agam,” a dúirt an Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly.

“Tá an-bhéim ar chúrsaí digiteacha agus leathanbhanda ach ní rudaí nua iad sin. Tá pleananna ann cheana féin maidir leo sin,” ar sí.

“Go teoiriciúil, ní féidir argóint leis na cuspóirí ach tá siad beagáinín díspeagúil, i ndáiríre. Ní gá pobail na n-oileán ‘a chumasú’. Tá neart cumais acu ach an rud atá in easnamh ná polasaí láidir agus plean gníomhaíochta láidir.”

Dúirt Catherine Connolly freisin gur cúis imní di an tagairt fhánach atá déanta den Ghaeilge sa phlean.

Luaitear sa pholasaí nua go gcabhróidh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le deiseanna fostaíochta trí Ghaeilge a chruthú ach dúirt Connolly arís nach aon rud nua a bhí ansin ach oiread agus go raibh dualgas ar an rialtas an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm ar aon nós.

Droch-chomhartha freisin a bhí ann nach raibh an polasaí féin curtha ar fáil i nGaeilge go fóill, go háirithe nuair is oileáin Ghaeltachta iad formhór na n-oileán a thagann faoi scáth an pholasaí, a dúirt Connolly.

Dúirt Connolly go raibh sí ag impí ar an rialtas polasaí a fhorbairt ó rith sí rún sa Dáil in 2019 ach nach léir di go bhfuil an ceann atá anois foilsithe tar éis “moill uafásach fada” sách láidir agus go dteastaíonn reachtaíocht chun teacht i gcabhair ar phobail na n-oileán.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge freisin go bhfuil an polasaí nua “teibí agus éiginnte”.

Dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta an Chonartha, as Inis Meáin, go bhfuil an polasaí “fíordhíomách dúinn ó thaobh na teanga de.

Níl faic ann chun an Ghaeilge mar theanga phobal na n-oileán Gaeltachta a chur chun cinn, ná na pobail sin a chumasú. 80 gníomh luaite agus níl ach tagairt amháin don teanga cé gur oileáin Ghaeltachta iad deich n-oileán as an fiche a trí de na hoileáin atá luaite sa Pholasaí. Is maith an rud é go mbeidh béim ar cheardlanna Gaeilge do chuairteoirí, ach ní leor sin chun an teanga a chothú ar na hoileáin Ghaeltachta.”

Tá athbheochan ar dhaonra na n-oileán i measc na bpríomhchuspóiri atá leis an bpolasaí nua agus súil freisin cur le geilleagar na n-oileán agus seirbhísí sláinte agus oideachais a fheabhsú.

Tá an plean dírithe ar an 23 oileán a bhfuil cónaí orthu amach ó chósta an iarthair ó Dhún na nGall chomh fada ó dheas le Corcaigh. Oileáin Ghaeltachta iad deich gcinn acusan – Toraigh, Inis Bó Finne, Gabhla, Árainn Mhór, Inis Mhic an Doirn amach ó Dhún na nGall; Inis Bigil i Maigh Eo; Árainn (Inis Mór), Inis Meáin agus Inis Oírr i nGaillimh; agus Cléire amach ó Chorcaigh.

Ceithre scór gníomhaíocht a luaitear sa pholasaí, an chéad pholasaí do na hoileáin atá forbartha ag an Rialtas le 27 bliain anuas.

Ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí atá leagtha amach faoin pholasaí, tá maoiniú breise le tabhairt do dhaoine atá ag iarraidh tithe folmha nó tréigthe a athchóiriú.

Faoin scéim Croí Cónaithe, beidh daoine atá ina gcónaí ar oileáin in ann deontas suas le €60,000 a fháil chun teach folamh ar oileán a athchóiriú, €10,000 sa bhreis ar an uasmhéid a chuirtear ar fáil do dhaoine ar an mórthír.

Tá an uasmhéid a chuirfear ar fáil chun teach tréigthe ar oileán a athchóiriú 20% níos airde ná mar a bheidh ar fáil do dhaoine ar an mórthír freisin – deontas suas le €84,000 a bheidh ar fáil d’oileánaigh i gcomparáid le €70,000 ar an mórthír.

Tá an rialtas ag súil go spreagfaidh an t-airgead breise daoine chun tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do dhaoine.

Táthar freisin ag iarraidh borradh a chur faoin chianobair ó na hoileáin agus leathanbhanda ardluais le cur ar fáil agus moil dhigiteacha a fhorbairt. Tá rochtain níos fearr a bheith le fáil ar chúrsaí oideachais agus oiliúna luaite freisin sa pholasaí.

Dúirt Máire Uí Mhaoláin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhar na nOileán gur “céim mhór chun cinn” do phobail na n-oileán a bhí sa pholasaí nua agus gur “bunchloch an-mhaith” a bhí ann óna bhféadfaí forbairtí eile a dhéanamh.

Chuir Uí Mhaoláin fáilte roimh an ngealltanas go dtabharfaí “glór” do phobail na n-oileán trí ionadaíocht a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán ar ghrúpaí éagsúla.

“An rud is tábhachtaí ná go bhfeiceann muid go bhfuil struchtúr agus córas ann gur féidir linn tógáil air agus is lá fíordhearfach é seo go bhfuil sé sin againn anois,” a dúirt Uí Mhaoláin le Raidió na Gaeltachta.

“Má thugtar na Comhairlí Contae, lucht pleanála na gComhairlí Contae agus muintir na n-oileán le chéile, is céim mhór chun cinn a bheidh ansin.”

Fág freagra ar '‘Focail mhilse’ agus ‘athchúrsáil’ – díomá léirithe faoi pholasaí nua an rialtais do na hoileáin'

  • Roibeárd Ó Máirtín

    “Ceapaim go bhfuil sé lán le focail mhilse – daonra na n-oileán a mhéadú, éagsúlacht ó thaobh geilleagair, pobail a chothú. Athchúrsáil ó pholasaithe eile atá i gceist ón méid atá léite agam.”

    Ach is léir gur maith le Connolly focail mhilse chomh maith!

    “Ní gá pobail na n-oileán ‘a chumasú’. Tá neart cumais acu ach an rud atá in easnamh ná polasaí láidir agus plean gníomhaíochta láidir.”

    Cad is brí le “polasaí láidir agus plean gníomhaíochta láidir”?…

  • Tuairisg

    Mura dtuigeann tú céard is brí le plean gníomhaíochta a Roibeard, fan amach as an gcomhrá.