Focail ghairide atá i gcaint babaí. Seans go bhfuil roinnt díobh cloiste agat…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is iomaí duine arb í ‘caint babaí’ a chéad teanga ach go bhfuil sí ligthe i ndearmad go hiomlán aige

Baby Phone

‘Ba ba ba ba ba,’ a dúirt an gasúr. Ní raibh barúil agam. Ar amhraí an tsaoil, tá aistritheoir cónaitheach an tí fós linn ar conradh. ‘Caint babaí atá aige, a Mhamaí,’ a dúirt sí aníos ón gcúinne, áit a raibh chuile theidí sa teach cruinnithe faoi bhord na cistine aici agus iad á gcur a chodladh.

Bhí a fhios agam féin gur ‘caint babaí’ a bhí ann, ach níor dhúirt mé tada léi. Is buíon taghdach iad na haistritheoirí seo is níor mhór a bheith cúramach i do chuid cainte leo. ‘Níl aon chead agatsa caint babaí a labhairt,’ a dúirt sí ansin, ag meabhrú dom rialacha an cheardchumainn agus dáileadh na ndualgas oibre.

‘Ba ba ba ba,’ a dúirt an gasúr arís agus tuilleadh díocais air an uair seo. Cheap mé go mb’fhéidir go raibh an cód briste agam. Shín chuige deoch bainne. Chaith sé uaidh é go feargach – rud a cheap mé a bheith beagáinín thar fóir, i ndáiríre.

Ba léir go raibh an meaisín Enigma níos cliste ná mar a cheap mé. Bhí a fhios agam nach ocras a bhí air, agus bhí an naipí glan. Ní raibh tart air, agus bhí sé amuigh as an gcathaoir ard. Ceard eile a d’fhéadfadh a bheith ann?

Níl i gcaint babaí ach sé nó seacht focal uilig ach athraíonn brí na bhfocal sin de shíoraí ag brath ar an gcomhthéacs, ar an méid uaireanta a deirtear na focail i ndiaidh a chéile, agus ar thón agus ar airde an ghlóir ina ndeirtear iad.

Tá cineál náire ar dhaoine faoin teanga ar chúis éigin agus is iomaí duine arb í ‘caint babaí’ a chéad teanga a bhfuil an teanga ligthe i ndearmad go hiomlán aige. Go deimhin, tá siad ann a deir gur thosaigh muid uilig amach le caint babaí, ach níl aon staidéar cuimsitheach déanta ar an gceist agus theastódh tuilleadh taighde.

Focail ghairide atá i gcaint babaí. Seans go bhfuil roinnt de na focail cloiste agat; leithéidí ‘Ma’ agud ‘Da’ agus an focal is aitheanta agus is cumhachtaí astu ar fad, ‘Waa’.

Is dócha go raibh trua ag an aistritheoir dom sa deireadh. ‘Tá sé ag iarraidh an sioráf, a Mhamaí,’ a dúirt sí agus tuirse ina glór. D’aimsigh mé an sioráf beag plaisteach agus shín chuige é. Chuir sé ina bhéal láithreach é is thosaigh á chogaint agus cuma an áthais air.

Fág freagra ar 'Focail ghairide atá i gcaint babaí. Seans go bhfuil roinnt díobh cloiste agat…'

  • Fearn

    Gan dabht, tá post curtha in áirithe do “aistritheoir cónaitheach an tí” nuair a bhéas an AE ag earaíocht arís!

    Chuala mé gur iomaí cainteoir babaí atá ann !!!