Focail Gàidhlig agus Bhreatnaise mar chuid de thogra mionteangacha ag COP26

Tá an togra ‘Living Language Land’ á sheoladh le linn na comhdhála Cop26 atá ar siúl i nGlaschú faoi láthair agus súil ann go rachaidh sé i gcion ar cheannairí an domhain

Focail Gàidhlig agus Bhreatnaise mar chuid de thogra mionteangacha ag COP26

Tá focail Gàidhlig agus Bhreatnaise mar chuid d’fheachtas atá ag baint úsáid as mionteangacha chun aird a tharraingt ar an nasc atá ann idir an duine agus an dúlra.

Tá an togra ‘Living Language Land’ a seoladh le linn na comhdhála Cop26 i nGlaschú agus súil ann go rachaidh sé i gcion ar cheannairí an domhain.

Tá 25 focal ó mhionteangacha éagsúla roghnaithe mar chuid den togra agus baint acu uile leis an dúlra.

Chomh maith le teangacha atá in úsáid sa Cholóim, i Meiriceá, i ndeisceart na hAfraice agus áiteanna eile, roghnaíodh focail ó cheithre theanga a labhraítear sa Bhreatain – an Ghàidhlig, an Bhreatnais, Dórais agus an seanBhéarla a labhraítear cois cósta i Northumbria.

Roghnaíodh an focal Gàidhlig Aibidil, a chiallaíonn aibítir. D’fhorbair an aibítir na Gaeilge ó ogham agus tá gach ceann den 18 litir ainmnithe as crann.

An focal Morfa a roghnaíodh don Bhreatnais. Ciallaíonn an focal áit atá in aice na farraige nó cruthaithe ag an bhfarraige.

Rinneadh gach ceann de na focail a thaifeadadh agus cruthaíodh ealaín agus físeáin dhúchasacha a bhfuil ceangal acu leis na focail.

Chomh maith leis an 25 focal a roghnaíodh, tá taifeadadh déanta ar an ngaoth ag séideadh san Antartach, an t-aon mhór-roinn nach bhfuil aon teanga dhúchais inti.

Tá an togra maoinithe ag Comhairle na Breataine.

Fág freagra ar 'Focail Gàidhlig agus Bhreatnaise mar chuid de thogra mionteangacha ag COP26'