‘Focail fholaithe’ aimsithe

Tá ‘Focail Fholaithe’, bailiúchán den Ghaeilge labhartha, le seoladh ag Acadamh Ríoga na hÉireann.

Ábhar Uí Chnáimhsí
Sampla de bhailiúchán an Acadaimh: Pictiúr: Acadamh Ríoga na hÉireann

Tá bailiúchán den Ghaeilge labhartha le foilsiú ag Acadamh Ríoga na hÉireann mar chuid den tionscadal “Foclóir na Nua-Ghaeilge”.

Thángthas ar na “focail fholaithe” seo agus lámhscríbhinní an Acadaimh á scagadh le haghaidh Chorpas na Gaeilge 1882-2000.

Seo focail nach bhfuil ar fáil i bhfoclóirí clóite na fichiú haoise.

Tá an corpas á bhunú ar bhailiúchán mór lámhscríbhinní atá i seilbh an Acadaimh.

Bailíodh focail, frásaí agus nótaí ó chainteoirí dúchais Gaeilge ar fud an oileáin san fhichiú haois.

I measc an bhailiúcháin seo, tá cúig chéad leathanach a bhailigh Tomás de Bhaldraithe i gConamara; tá dhá mhíle leathanach a bhailigh Seosamh Ó Dálaigh i nGaeltacht na Mumhan; agus dhá míle leathanach eile a bhailigh an scríbhneoir Séamus Ó Grianna in Ultaibh.

Dúirt urlabhraí an Acadaimh gur obair fhíorthábhachtach í seo:

“Tá sé fíorthábhachtach an saibhreas teanga seo a chaomhnú, le go mbeidh teacht ag scoláirí agus foghlaimreoirí na Gaeilge orthu, nó caillfear iad.”

Beidh teacht ar fhocail fholaithe, i measc na bhfiche míle iontráil eile, ar an mbunachar saor in aisce, inchuardaithe, www.fng.ie go luath.

Seolfar bailiúchán na bhfocal folaithe amárach i dTeach an Acadaimh, 19 Sráid Dhásain, BÁC 2 ag 18.00.


Blaiseadh de na ‘focail fholaithe’


 

friotach; is friotach an lá é i. giobach, breezy with cold bliting wind; also of a dog; madra friotach, with his hair standing on him (ready for a fight)

Bréanlóib; black rotten soft bog matter under blown sand at sea edge. The slip should have been built on sea bed-rock, but instead it was built on the bréanlóib.

Gálóg; ag cumadh gálógaí, telling lies

Fúirín; chestnut on inside of leg of ass or horse

Mada ceatha; rainbow

Cúinneáil; ag leagan ceann na téide ar an talamh agus í a dhéanamh timcheallach os cion a chéile ar nós fonsa.

Dáinte; 1,000,000

Liobairín; streill, chuir an cailín liodairín uirthi féin.

Macha; páirc bheag le na ba a choimeád inti i ndroch-aimsir nó istoíche uaireanta ach freisin = an leaba.

Boithín:  a very religious person

Slánas; a herb

Cúlfinn; grizzle in meat

Cimeach; buachaill a bhfuil dúil mór aige sna cailíní.

Lobthaois; salachar

Aimseogaí; fairies

Poilliceachaí; píosa crua adhmaid a bhíonn ar shlaith-bhort báid san áit a mbíonn an maide rámha nuair bhíonn duine ag iomramh


 

Fág freagra ar '‘Focail fholaithe’ aimsithe'