‘Foc san aer thú, a sheanleaid, cuid den saol iad an cineál seo físeán!’

Tá na nóisin maidir le céard is príobháideachas ann ag síorathrú, mar a léirigh argóint a chonaic ár gcolúnaí san ionad aclaíochta

‘Foc san aer thú, a sheanleaid, cuid den saol iad an cineál seo físeán!’

Raic san ionad aclaíochta: fear sna daichidí ag argóint le beirt déagóirí fir sa seomra gléasta, an dá thaobh ag fógairt ar a chéile dul suas orthu féin.

D’fhág mé orm mo chuid cluasán ach mhúch an fhuaim. Bhí sé seo spéisiúil – agus dá mbeadh orm idirbheartaíocht a dhéanamh sa chás go rachadh rudaí ó smacht ar fad, b’fhearr dom a bheith ar an eolas faoi chúis an achrainn.

Ba é an chaoi go raibh an bheirt déagóirí ag déanamh físeán, ag iarraidh a ndul chun cinn ó thaobh na matán de a roinnt lena lucht leanúna ar TikTok is dócha, ach go raibh an fear meánaosta le feiceáil sa chúlra – nó sin ba dhóigh leis-sean, pé scéal é.

‘Scriosaigí na físeáin sin anois díreach, nó labhróidh mé leis an mbainistíocht thíos staighre!’

‘Foc san aer thú, a sheanleaid, cuid den saol iad an cineál seo físeán!’

‘Tá mise ag athrú éadaigh anseo, níl mé ag iarraidh go bhfeicfidh an saol mór mo thóin nocht!’

Ní dúirt na déagóirí amach os ard é, ach bhí a gcuid smaointe le léamh ar a n-aghaidh go soiléir: duine a rugadh sa chéad seo caite amháin a bhainfeadh de a chuid éadaí ar fad sa seomra gléasta. Cén fáth nach gcuirfeá ort do chuid éadaí spóirt sa bhaile mar a dhéanfadh fear maith? Áit chun deochanna fuinnimh a chaitheamh siar agus físeáin iarthraenála a thaifeadadh atá sa seomra gléasta!

‘Nach bhfaca sibh na fógraí thíos staighre?’

Bhí pointe ansin ag an bhfear meánaosta. Tá halla na meáchan agus na meaisíní breac le fógraí den chineál ‘ní seastáin do do cheamara iad na meáchain’ agus ‘fiafraigh díobh siúd in aice leat ar mhiste leo má bhíonn tú ag taifeadadh’, agus bíonn an ceann deireanach sin le feiceáil ar scáileáin dhigiteacha lena chois. Ach fógraíonn na scáileáin chéanna ‘scagaire speisialta Snapchat’ nua in aip an ionaid aclaíochta.

‘Sin thíos staighre. Seo thuas staighre.’

Bhreathnaigh mé timpeall orm féin. De réir fhuarlitir an dlí, bhí an ceart ag na leaids óga. Ní raibh aon fhógraí crochta sa seomra gléasta.

D’imigh na leaids leo, agus is ag a lucht leanúna ar na meáin shóisialta amháin atá a fhios ar scrios siad na físeáin sin nó ar chroch siad suas iad, tóin an fhir mheánaosta san áireamh. Ní raibh air siúd go fóill ach a chuid fo-éadaí agus ní dheachaigh sé ina ndiaidh.

Agus mé féin ar mo bhealach amach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chonaic mé é ag caint leis an mbainistíocht.

‘Céard a dúirt siad?’ a d’fhiafraigh mé de taobh amuigh, ó tharla go raibh a rothar in aice le mo cheann féin.

‘Go labhróidh siad leo má tharlaíonn sé arís.’

Labhróidh, mo thóin, a shíl mé liom féin. Ní bheidh siad sin ag iarraidh custaiméir ar bith a chur ó dhoras, agus más fianaise an ‘scagaire speisialta Snapchat’ nua sin ina n-aip, gach seans gur fearr ná sinne a thuigeann siad go mbíonn na nóisin maidir le céard is príobháideachas nó go deimhin céard is seomra gléasta ann ag síorathrú.

Fág freagra ar '‘Foc san aer thú, a sheanleaid, cuid den saol iad an cineál seo físeán!’'