FnaG le “stocaireacht” a dhéanamh

Tá an cáineadh is deireanaí ar mholadh Chumann na nOllscoileanna Éireannacha déanta ag Foras na Gaeilge.

Ferdie

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh (thíos ar dheis), go ndéanfaidh an Foras “stocaireacht le go ndiúltófaí” don mholadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge d’iontráil ollscoile.

D’eisigh an Foras ráiteas láidir inniu inar maíodh gur “céim ar gcúl” a bhí sa moladh agus “muid uilig ag obair leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh gur “ísliú stádais don Ghaeilge, stádas atá ann don teanga ó 1913 go dtí an lá atá inniu ann” a bhí sa moladh a nochtadh ar Tuairisc.ie inné.

Mhol tascghrúpa Cumann na nOllscoileanna Éireannacha i bplécháipéis go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag mic léinn le háit a fháil in Ollscoil na hÉireann. Moladh nach mbeadh riachtanas ann teanga iasachta ag bheith ag iarrthóirí ach an oiread.

Cháin Conradh na Gaeilge  agus Gael Linn an moladh cheana féin agus léirigh na an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) a n-amhras faoi inné.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh “alltacht” air dá mbeadh baint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh lena leithéid de mholadh agus go raibh sé ag súil le “ráiteas ón Aire Oideachais agus ón Rialtas an tseachtain seo le rá nach bhfuil baol ann go dtarlódh sé seo agus go bhfanfaidh an Ghaeilge mar atá an Béarla – riachtanach.”

Thug an Seanadóir Ó Clochartaigh le fios go mbeidh an cheist á tarraingt anuas aige sa Seanad leis an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, agus ar an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan.

 

 

 

Fág freagra ar 'FnaG le “stocaireacht” a dhéanamh'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Ba cheart dar liom díriú ní hamháin ar an ísliú stádais don nGaeilge ach ar an ísliú stádais don oideachas leathan go ginearálta atá i gceist leis na moltaí seo.

    Tá an cumadh air gur ar oiliúint don ngairm amháin atá na huachtaráin ag díriú – beartas gearr radharcach.

  • Concubhar Ó Liatháin

    An cheart glan ag Aonghas thuas. Níor cheart an bhéim a leagan ar ísliú stadas don Ghaeilge – fiú más é sin atá i gceist – ach ar ísliú stadais don oildeachas uilíóch. Nach é sin atá i gceist le h0llscoileanna?