Fiú mura mbíonn na laochra ar taispeáint, tá fiúntas ag baint leis na comórtais réamhshéasúir

Ní fheicfear na himreoirí CLG is mó sa tír ag imirt i gCorn Mhic Craith, Corn Uí Bhroin agus a leithéidí an deireadh seachtaine seo ach is féidir tairbhe a bhaint astu fós, a deir Seán Óg de Paor

Fiú mura mbíonn na laochra ar taispeáint, tá fiúntas ag baint leis na comórtais réamhshéasúir

Tabharfar an chéad deis i mbliana do phobal CLG na tíre seo súil a chaitheamh ar a gcuid foirne idirchontae an deireadh seachtaine seo agus tús á chur leis na comórtais réamhshéasúir ar fud na tíre. É sin ráite, má tá an lucht tacaíochta ag ceapadh go bhfeicfidh siad plúr na n-imreoirí, na réalta ó chraobh 2017, seans go mbeidh díomá orthu.

Is iad Baile Átha Cliath, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo a ghlac páirt i ngach cluiche ceannais peile na hÉireann ó 2011 ach ní bheidh mórán imreoirí a bhfuil boinn uile-Éireann buaite acu ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo.

Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann 2016 a shroicheadh, tá imreoirí Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo thar lear ar saoire faoi láthair. Nuair a rachaidh foireann Bhaile Átha Cliath chun páirce i gcoinne Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an Domhnach seo, is ag ligean a scíthe in Iamáice a bheidh Jim Gavin agus na himreoirí a bhuaigh Corn Mhig Uidhir leis anuraidh.

Ar an gcaoi chéanna, tá formhór de scuad Mhaigh Eo ar saoire san Afraic Theas faoi láthair. Is é Rob Hennelly an t-aon fhear a thosaigh athimirt an chluiche ceannais d’fhoireann Stephen Rochford a bheidh fáil air nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar OÉ Gaillimh i Sraith Peile Chonnacht an deireadh seachtaine seo.

Ar an gcaoi chéanna, tá an cinneadh déanta ag Éamonn Fitzmaurice agus Rory Gallagher sos breise a thabhairt dá gcuid imreoirí. Is iad foirne Faoi 21 Chiarraí agus Dún na nGall a bheidh san iomaíocht i gCorn Mhic Craith agus Corn Mhic Cionnaith faoi seach in 2017.

É sin ráite, deir iar-imreoir na Gaillimhe Seán Óg de Paor nach bhfuil sé chomh haisteach sin nach mbeidh na himreoirí is aitheanta ag imirt i mí Eanáir agus nach mbeadh aon ghearán aige le foirne nach n-imríonn na himreoirí sin.

“Ní chuireann aon fhoireann an rogha is láidre atá acu chun páirce. Nuair a bhí muide ag déanamh go maith, b’fhéidir nach mbeadh ach ceathrar nó cúigear den chéad fhoireann ag imirt agus iad ag iarraidh éirí níos aclaí,” a deir de Paor.

Is é tuairim fhear na gCeathrún Rua go bhfuil na comórtais seo níos tábhachtaí chun deis a thabhairt d’imreoirí nua teacht chun cinn agus, fiú mura mbíonn na himreoirí móra ann, ní chuirfidh sé sin isteach ar an díograis a bheidh le feiceáil. Fiú más mór idir Corn Mhic Craith nó Corn Uí Bhroin agus an duais is mó sa pheil, beidh a fhios acu siúd a bheidh ag imirt gur fiú tréaniarracht a dhéanamh.

“Is cinnte go mbeidh na lads a bheidh ag imirt ag tabhairt 100%, beidh siadsan an-dáiríre faoi na comórtais. Dá lán acu, sin an chéad seans a bheidh acu a léiriú gur fiú áit ar an bhfoireann iad.

“Bhí mé ag léamh píosa i rith na seachtaine le [imreoir na Gaillimhe] Eamon Brannigan. Dúirt sé gur thug Kevin Walsh a áit san fhoireann dó ag tús na bliana agus gur leis an geansaí ach éirí go maith leis.

Bhuaigh Gaillimh Sraith Chonnacht anuraidh, an chéad uair gur éirigh leo an comórtas a bhuachan ó 2009, agus dar le de Paor, thug sé misneach dóibh dul ar aghaidh agus Craobh Chonnacht a bhuachan chomh maith.

Deir de Paor, agus é idir mhagadh agus dáiríre, gurbh é an rud ba mhó a chuir aiféala ina chuid laethanta ag imirt le Gaillimh nach raibh sé in ann freastal ar an turas go dtí Nua-Eabhrac, a thugadh do bhuaiteoirí Shraith Peile Chonnacht.

Cé nach gcuirtear an duais sin ar fáil níos mó, is cinnte go gceapann de Paor go bhfuil fiúntas fós ag baint leis an gcomórtas sin agus comórtais eile dá leithéid ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Fiú mura mbíonn na laochra ar taispeáint, tá fiúntas ag baint leis na comórtais réamhshéasúir'