Fiú mura dtaitníonn rialtas na Polainne linn, tá an ceart acu sa chás seo

Ní Polannach mise ar ndóigh agus ní maith liom féin rialtas na Polainne, ach, mar sin féin, guím gach rath orthu sa troid seo acu leis an Aontas Eorpach

Fiú mura dtaitníonn rialtas na Polainne linn, tá an ceart acu sa chás seo

Ní dóigh liom go bhfuil mórán comhbhá ag formhór mhuintir na hÉireann le rialtas na Polainne lena bpolasaithe in aghaidh chearta ban, cearta an phobail aeraigh, agus a ndúil i seanchoimeádachas na heaglaise ansin.

Ach sa gcoimhlint atá faoi láthair idir an Pholainn agus an tAontas Eorpach tá an ceart ar fad, measaim, ag na Polannaigh.  Mar is faoi mhuintir na tíre sin cinneadh a ghlacadh faoi cén chaoi a riarfar an stát, an córas dlí is eile. 

Is acusan amháin atá an ceart a rialtas féin a roghnú.

Ar an taobh eile, tá an Coimisiún Eorpach ag rá go bhfuil bunphrionsabail an Aontais á sárú ag an bPolainn. Luann siad scéal an phobail aeraigh, agus an chaoi a gceaptar breithiúna sa gcóras cúirte.

Maidir leis na breithiúna, maíonn an Coimisiún gur ceapacháin pholaitiúla atá ar siúl! A leithéid!

Ach nach ceapacháin pholaitiúla ceapadh na mbreithiúna anseo in Éirinn, cinnte i Sasana agus gan dabht sa Ghearmáin agus sa Fhrainc? Nach minic a luaitear Fine Gael nó Fianna Fail nó fiú Páirtí an Lucht Oibre le breithiúna?

Gearán eile atá ag an gCoimisiún ná go bhfuil Binse Bunreachtúil na Polainne i ndiaidh rialú a dhéanamh go dtagann roinnt rialachán de chuid na Cúirte Breithiúnais Eorpaí (ECJ) salach ar Bhunreacht na Polainne, is nach bhfuil feidhm leo toisc, dar leis na Polannaigh, go bhfuil an Chúirt sin ag dul thar a cumas.

Mar fhreagra, deir na Polannaigh go ndearnadh na rialacha Eorpacha seo atá damnaithe acu, bunaithe  ar thuairimíocht na mbreithiúna in ionad de réir scríbhinn na gconarthaí.

I rith na seachtaine, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, foláireamh go bhféadfaí airgead atá dlite don Pholainn a choinneáil uathu mura ngéillfidís don Eoraip.  Ach dúirt Príomhaire na Polainne, Mateusz Morawiecki, nach ngéillfeadh an Pholainn d’aon iarracht dúmhál a dhéanamh orthu.

Tá a lán cainte ann faoin ‘Polimeacht’, aithris ar Bhreatimeacht na Sasanach, ach deir na Polannaigh nach bhfuil sé i gceist acu, beag ná mór, tús a chur le feidhm a thabhairt d’Alt 50, an próiseas a chuireann tús le imeacht aon bhallstáit.

Bhagair an Coimisiún, agus an bhréagpharlaimint sin sa mBruiséil, go gcuirfí tús le hAlt 7 a dhíbríonn stát as an Aontas.  Ach ní foláir do gach ballstát aontú lena leithéid, agus tá socrú ag an bPolainn agus ag an Ungáir go seasfaidh siad le chéile i gcoinne aon iarracht den chineál sin.

Agus tá gach seans go dtaobhódh an tSlóivéin leo freisin – rud a chiallaíonn nach bhfuil sa gcaint faoi alt a seacht ach cur i gcéill.

D’fhéadfadh an Coimisiún rialú cúirte a lorg go bhfuil an Pholainn ag sárú na rialacha – cibé maitheas a dhéanfadh a leithéid.  Ach, i ndáiríre, is í an bhagairt go gcoinneodh an Coimisiún uathu airgead atá dlite don tír.

Sa gcás sin, ámh, beidh an Pholainn fós ina ballstát, agus beidh siad in ann pleananna an Choimisiúin a chrosadh, mar shampla an plean glas.  Bheadh bac mór ar obair an Aontais sa gcás sin, praghas ard le híoc chun pionós a ghearradh ar an bPolainn.

Is fiú cuimhneamh ar dhá rud eile sa díospóireacht seo.  Tá rialuithe déanta ag cúirt bhunreachtúil na Gearmáine go bhfuil tús áite ag Bunreacht na Gearmáine sa tír sin, díreach mar atá déanta ag na Polannaigh.  I gcás na Gearmáine, níl aon ábhar cainte; ach i gcás na Polainne, tá.

Ach téann an dara pointe go croí na ceiste. Maíonn na Polannaigh gur ghlac siad le comhphobal eacnamaíochta, is go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha a bhaineann le comórtas gnó is eile.  Deir siad ámh nach stát ar leith é an tAontas, go bhfuil an maíomh sin ag dul thar fóir i dtaobh na gconarthaí is go bhfuil sé míbhunreachtúil.

Tuigim dóibh.  Is féidir argóint fhiúntach a dhéanamh ar son comhoibriú eacnamaíochta na hÉireann le tíortha na hEorpa, ach níl aon ghá le harm, le comhpholasaí eachtrannach, le huachtarán is na gnéithe eile a bhaineann le stát.

Is éard atá san iarracht seo le stát a dhéanamh den Aontas ná dúil sna himpireachtaí atá caillte ag an bhFrainc, ag an Ísiltír, ag an mBeilg, ag an Iodáil agus, go deimhin, ag an nGearmáin agus a síorchaint faoi Lebensraum.

Cibé dearcadh mar sin atá againn i dtaobh rialtas na Polainne is a gcuid polasaithe sóisialta, ba chéim ar aghaidh don daonlathas dá bhféadfaí stop a chur leis an bhfiontar impiriúil Eorpach seo.

Ní Polannach mise ar ndóigh agus ní maith liom féin rialtas na Polainne, ach, mar sin féin, guím gach rath orthu sa troid seo acu leis an Aontas.

Fág freagra ar 'Fiú mura dtaitníonn rialtas na Polainne linn, tá an ceart acu sa chás seo'

  • Seán ÓM Frankfurt

    “Tá rialuithe déanta ag cúirt bhunreachtúil na Gearmáine go bhfuil tús áite ag Bunreacht na Gearmáine sa tír sin, díreach mar atá déanta ag na Polannaigh.”

    Mícheart.

    Dúirt Cúirt Bhunreachtúil na Gearmáin go raibh sé mar dhualgas ar an gCúirte Breithiúnais Eorpaí (ECJ) soiléiriú a thabhairt faoi aon teannas/mí-shoiléireacht idir dlí Eorpach agus dlí bunreachtúil na Gearmáine. D’athraigh na breithimh Gearmánacha go raibh an ECJ níos airde …. agus ansin d’fhág siad neart oibre rí-chasta don ECJ.

    Ní féidir comparáid leis an bPolainn a dhéanamh.

  • Sean ÓM - Frankfurt

    Mar shaoránach Gearmánach agus Éireannach, ceapaim go bhfuil an caint faoi “EU = Lebensraum” san alt seo náireach, maslach agus – go mór mór – aineolach maidir le stair na Gearmáine.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    A Sheáin Ó M, ní bhíonn ar siúl ag Eoin ach sodar i ndiaidh na Rúise maidir le ceisteanna polaitiúla idirnáisiúnta. Níor cheart aird a thabhairt ar rud ar bith a scríobhann sé faoin Aontas Eorpach mar gheall ar an naimhdeas atá aige don Aontas Eorpach. Bhí sé ar son na Breaitimeachta mar go ndéanfadh sé dochar don Aontas Eorpach, cé gur thuig sé an dochar a d’eascródh as Brexit dá thír féin. Tá sé ar son rialú na cúirte sa bPólainn ar an gcaoi céanna.

  • Eoghan ÓNéill

    Ní haon impireacht í an tAontas Eorpach ach Aontas a shaothraíonn chun leas na bpobal sna tíortha faona churam go hinmheánach agus sa scála domhanda chomh maith.

  • Eoin Ó Murchú

    Freagra ar Eoghan: an é sin an fáth go dteastaíonn Arm Eorpach uatha? An é sin an fáth go mbíonn Ursuala ag caint faoin riachtanas go mbeadh sé ar chumas an Aontais cur isteach ar thíortha eile an domhain, sa Meán Oirthear ach go háirithe? Sin impiriúlachas má bhí ann riamh.
    Ach ag deire thiar cé aige atá an ceart rialtas a roghnú don Pholainn (nó d’Éirinn) ach muintir na Polainne (na hÉireann). Is acusan amháin!

  • Seán ÓM - Frankfurt

    Ba mhaith liom freagair chomh maith. Caith seanathair mo mhná chéile seal i gcampa KZ na Naitsíoch nuair a bhí an tír seo ar thoir “Lebensraum”.

    Ní fheicimse an fhadhb seo san AE nó sa nGearmáin lae inniu – cé nach bhfuil sé foirfe.

    Cá bhfuil an “síorchaint faoi Lebensraum” seo le do thoil?

  • Seán Ó Neachtain

    Is cuma céard a dhéanfadh an tAontas Eorpach ní bheadh Eoin Ó Murchú sásta leis.
    Má ghlacann tír le bunrialacha chun dul isteach i bpáirtneireacht ní féidir iad a chaitheamh i dtraipisí nuair is mian léi é.