Físeán seolta ag scoil Ghaeltachta ag iarraidh tuilleadh daltaí a mhealladh

Thart ar scór daltaí a bhíonn ag freastal ar Choláiste Ghobnait in Inis Oírr de ghnáth ach níl ach dalta nua amháin cláraithe leis an scoil don fhómhar seo chugainn

Físeán seolta ag scoil Ghaeltachta ag iarraidh tuilleadh daltaí a mhealladh

Tá físeán seolta ag scoil oileáin sa Ghaeltacht ag iarraidh tuilleadh daltaí meánscoile a mhealladh ansin.

Tá achainí déanta ag Coláiste Ghobnait, meánscoil in Inis Oírr i gContae na Gaillimhe ar dhaltaí ón mórthír teacht agus cónaí ar an oileán ionas go gcoinneoidh siad an líon scoláirí agus múinteoirí atá acu.

Cuirtear deontais ar fáil do scoláirí atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil scolaíocht iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge ar fáil ina gceantar féin.

Thart ar scór daltaí a bhíonn ag freastal ar Choláiste Ghobnait de ghnáth ach cinneadh an físeán seo a chur le chéile toisc nach bhfuil ach dalta nua amháin cláraithe leis an scoil don fhómhar seo chugainn.

D’oibrigh Coláiste Ghobnait i bpáirt le hÁras Éanna, ionad ealaíne an oileáin, ar fhíseán nua ceithre nóiméad ina dtugtar léiriú ar an sult a bhaineann le bheith ag cónaí agus ag staidéar ar Inis Oírr, a bhfuil 300 duine ina chónaí air.

“Tá na ranganna an-bheag anseo,” a dúirt Bríd Ní Dhonncha, príomhoide Choláiste Ghobnait. “Cuireann tú an-aithne ar na scoláirí agus éiríonn thar barr leo i dtimpeallacht mar seo. Is é an láidreacht is mó ná go bhfuil meas againn uilig ar a chéile agus dá bharr sin go mothaíonn na scoláirí sábháilte agus sásta.

“Cuireann na scoláirí ón mórthír go mór leis an scoil ar go leor bealaí éagsúla, go sóisialta agus ag casadh le daoine nua agus is cuid den phobal iad. Is mór an tairbhe dúinn iad anseo in Inis Oírr. Na scoláirí a thagann anseo, cinnte foghlaimíonn siad le bheith neamhspleách, freagrach agus forbraíonn siad go hacadúil agus go sóisialta.”

Tá Ní Dhonncha ag súil go spreagfaidh an físeán daoine óga a bhfuil fonn eachtraíochta orthu le theacht agus páirt a ghlacadh i gcultúr na Gaeilge ar Oileáin Árann agus scileanna saoil a bhaint amach dóibh féin.

“Sa gcuid is mó scoileanna ar an mórthír bheadh 30 sa seomra ranga ach anseo is seisear a bheadh sa rang is mó. Feiceann tú láithreach go gcuireann na múinteoirí an-aithne ar a gcuid scoláirí agus i dtimpeallacht mar seo téann na scoláirí chun cinn go maith ina bhforbairt,” a dúirt an príomhoide.

“Is bealach maireachtála an-difriúil é. Ní bhíonn fuadar ar dhaoine. Tá sé go hálainn. Bíonn seans sásamh a bhaint as an saol, breathnú ar na radharcanna agus ar na háiteacha thart timpeall agus cinnte tá an t-ádh dearg orainn a bheith inár gcónaí i spota chomh deas seo den domhan.”

Is fiú €5,000 na deontais a chuireann Roinn na Gaeltachta ar fáil do dhaltaí chun bliain a chaitheamh ar Oileáin Árann. Fanann na daltaí le mná tí agus clúdaíonn an deontas costas lóistín agus beatha. Téann formhór na scoláirí abhaile gach dara deireadh seachtaine.

Is iad Justin McCarthy, Ciarán Tierney, Cormac Coyne agus Rebecca Ní Chríocháin a chuir an físeán le chéile agus is iad na Raines atá i mbun an cheoil.

“Blianta ó shin, b’éigean do dhaoine ón oileán imeacht chuig scoil chónaithe agus chailleadar an ceangal leis an oileán,” a dúirt Ní Dhonncha. “D’fhág roinnt mhaith daoine óga le dul chuig scoil chónaithe agus níor tháinig ar ais riamh le cónaí anseo.”

“Ach de bharr scoil a bheith anseo beidh ár bpobal beo agus inmharthana ar feadh glúnta amach anseo. Is buntáiste eile é go gcruthaíonn na daoine óga a thagann anseo an-cheangal leis an oileán. Tagann siad ar ais chuig an oileán blianta fada i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil agus bíonn míle fáilte rompu ag na seanchairde a rinneadar. Tá áit againn sa scoil do dhaoine agus ba bhreá linn go rachaidís i dteagmháil linn.”

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le dul ag cónaí nó ag staidéar anseo téigh i dteagmháil le Bríd Ní Dhonncha ag (087) 2232520 nó brid.nidhonnacha@gretb.ie Tá cuntais Twitter, Facebook, agus Instagram ag Coláiste Ghobnait freisin.

Fág freagra ar 'Físeán seolta ag scoil Ghaeltachta ag iarraidh tuilleadh daltaí a mhealladh'