FÍSEÁN: Scigaithris déanta ag lucht grinn ar ‘Celtic Noir’ TG4

Físeán ag fonóid faoi dhrámaí TG4 á scaipeadh ar na meáin shóisialta


Tá an oiread sin cáile bainte amach ag drámaí TG4 go bhfuil scigaithris á déanamh anois ar an Celtic Noir ag lucht grinn an Bhéarla.

Tá an físeán thuas – ‘I dTrioblóid’ – leis an mbuíon fuirseoirí Chap’s Eye á scaipeadh ar na meáin shóisialta ó roinneadh tráthnóna é ar The Daily Edge.

Thagair an Daily Edge don sórt “gritty Irish-language drama” a bhíonn le feiceáil ar TG4 déanach san oíche “with lots of shadowy rooms and people urgently discussing ‘na drugaí’”.

“This video from Irish sketch comedy group Chap’s Eye is basically every one of those dramas ever: Drugaí. Foréigean (‘violence’). All that’s missing is ‘fadhbanna daoine óga’,” a dúirt an Daily Edge faoin bhfíseán.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Scigaithris déanta ag lucht grinn ar ‘Celtic Noir’ TG4'