FÍSEÁN: Ray D’arcy agus Marty Morrissey i mbun leanúnachais Gaeilge ar RTÉ agus na mílte ‘amharc’ ar líne ag Máirtín Tom Sheáinín

Beidh réaltaí RTÉ i mbun leanúnachais i nGaeilge ar chláir theilifíse an chraoltóra Dé hAoine. Idir an dá linn, tá na mílte amharc ar líne á dtabhairt ar cheachtanna ‘Gaeilge na Gaeltachta’ RTÉ Raidió na Gaeltachta

FÍSEÁN: Ray D’arcy agus Marty Morrissey i mbun leanúnachais Gaeilge ar RTÉ agus na mílte ‘amharc’ ar líne ag Máirtín Tom Sheáinín

Beidh réaltaí RTÉ, idir chainteoirí laethúla Gaeilge agus lucht an chúpla focal, i mbun leanúnachais i nGaeilge ar chláir theilifíse na heagraíochta Dé hAoine chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh.

D’eisigh an craoltóir náisiúnta físeán ar na meáin shóisialta ina dtugtar blaiseadh beag dá bhfuil le teacht ar RTÉ One na teilifíse ag deireadh na seachtaine.

I measc na gcraoltóirí aitheanta a bheidh i mbun an leanúnachais Gaeilge Dé hAoine, beidh an tráchtaire spóirt Marty Morrissey, Miriam O’Callaghan, atá ina hambasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana, Seán O’Rourke agus Ray D’Arcy, a chuir isteach ar chainteoirí Gaeilge dhá bhliain ó shin, nuair a dúirt sé go gcuireann míreanna nuachta Gaeilge isteach ar ‘rithim’ a chláir raidió.

Beidh na craoltóirí Gaeltachta Dara Ó Cinnéide, as Corca Dhuibhne, Bláthnaid Ní Chofaigh as Ráth Chairn, agus Chris Greene, as Cois Fharraige, ag glacadh páirte san fheachtas freisin.

Idir an dá linn, tá an-rath go deo ar an tsraith nua físeán atá á cur amach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na meáin shóisialta le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá físeáin á roinnt ag an stáisiún Gaeltachta ar Twitter agus Facebook le cúpla seachtain anuas ina dtugann craoltóirí de chuid an seirbhíse léargas ar na leaganacha éagsúla cainte a bhaineann lena n-áit dhúchais.

Tá na mílte ‘amharc’ ag na físeáin uilig a roinneadh go dtí seo, ach is ar na físeáin le Máirtín Tom Sheáinín, a chuireann an clár Ardtráthnóna i láthair, atá an t-éileamh is mó.

Bhreathnaigh os cionn 20,000 duine ar na heagráin de Gaeilge na Gaeltachta, ina múineann ‘MTS’  frásaí agus nathanna cainte ar nós ‘cheapfá gurb é féin a rug é féin’ agus ‘a bheith ag cur cait ar fhuinneoga duit’.

Tá blaiseadh de na trí mhórchanúint sna físeáin ghearra, agus Damien Ó Dónaill, Clár-Reachtaire RnaG sna Doirí Beaga, Pádraig Ó Sé, a chuireann an clár Togha agus Rogha i láthair ó stiúideo Bhaile na nGall i measc na gcainteoirí a bhí le feiceáil go dtí seo.

Tá cúpla físeán eile fós le foilsiú ar leathanaigh mheáin shóisialta an stáisiúin, agus láithreoirí aitheanta ar nós Áine Ní Bhreisleáin agus Dara Ó Cinnéide i measc na gcainteoirí dúchais a bhfuil a saibhreas teanga á roinnt acu.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Ray D’arcy agus Marty Morrissey i mbun leanúnachais Gaeilge ar RTÉ agus na mílte ‘amharc’ ar líne ag Máirtín Tom Sheáinín'