FÍSEÁN: Na hamhránaithe óga Gaeltachta a spreag an réalta ceoil Imelda May le suim a chur sa Ghaeilge athuair

'Dochreidte' go raibh laoch mór ceoil ag caint faoi bheirt amhránaithe óga as Conamara, a deir an t-amhránaí Séamus Ó Flatharta as Iorrais Aithneach

FÍSEÁN: Na hamhránaithe óga Gaeltachta a spreag an réalta ceoil Imelda May le suim a chur sa Ghaeilge athuair

Tá sé “dochreidte” go raibh laoch mór ceoil ag caint faoi “bheirt amhránaithe óga as Conamara”, a dúirt Séamus Ó Flatharta as an Ard Mhóir, Cill Chiaráin, faoin scéal gur físeán de féin agus dena dheirfiúr Caoimhe a spreag an réalta Imelda May suim a chur sa Ghaeilge in athuair.

Taifeadadh an físeán sa Mhuileann gCearr i gcontae na hIarmhí an mhí seo caite mar chuid den chlár Fleadh2020. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Séamus Ó Flatharta gur “cúis bhróid atá ann freisin go raibh Imelda May ag scaipeadh an scéil gur cheart chuile dhuine a bheith ag labhairt na Gaeilge agus gur cuid dár bhféiniúlacht atá inti”.

“Bhí mé ar bís ar fad. Ní raibh mé in ann é a chreidiúint ar chor ar bith go raibh sí ag caint fúinne,” a dúirt Ó Flatharta.

Tá achainí déanta ag Imelda May, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas í, ar dhaoine breathnú ar an bhfíseán don bheirt Fhlathartach ag casadh ‘Eileanóir a Rún’. “So beautiful, so moving,” a dúirt sí.

Imelda May. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Ní hamháin go bhfuil sé i gceist aici féin tabhairt faoi athfhoghlaim na Gaeilge, ach dúirt sí gur “riachtanas” atá ann di anois. Dúirt sí freisin go ndéanann sí iarracht an oiread Gaeilge agus atá aici a úsáid go rialta agus gur bhreá léi dá mbeadh tábhairne, caifé nó siopa ann go bhféadfadh sí dul ann le foghlaim ó dhaoine eile.

Dúirt Imelda May in agallamh ar Raidió RTÉ go bhfágann an iomarca daoine an córas scolaíochta agus gan aon tuiscint cheart acu ar an teanga.

“Ba cheart go mbeimis ag foghlaim an Bhéarla mar dhara teanga ag an scoil agus go mbeadh an Ghaeilge mar chéad theanga againn ar fad,” a dúirt sí.

Braitheann sí “amaideach, aineolach, agus náirithe” go bhfuil sí ag athfhoghlaim na Gaeilge mar dhuine fásta seachas í a bheith aici ón mbaile ná ón scoil. An rud is mó a bhraitheann sí uaithi ná “na luachanna” a thugann an teanga di mar chuid dá hoidhreacht.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Na hamhránaithe óga Gaeltachta a spreag an réalta ceoil Imelda May le suim a chur sa Ghaeilge athuair'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is mór an t-ábhar bróid do phobal Charna agus d’Éirinn iad.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Sheasfá cosnochta sa sneachta chun a bheith ag éisteacht leo.

  • pádraig o muircheartaigh

    Is mise Pádraig agus tar éis an t-alt a léamh ba mhaith liom Imelda a chur ar an eolas faoi na maidineacha caifé ar siúl i mBaile Atha Cliath.O tháinig an phaindéim tá siad teoranta ach tá cúpla ceann fós ag dul ar aghaidh.Má tá fonn air Imelda freastal ar cheann nó dhó téigh i dteagmháil liom tríd mo ríomhphost nó mo uimhir ghuthán,Tá siad ag an eagarthóir.Mo uimhir ná 0851362825.

  • Eoghan O Neill

    n
    Ní haon ionadh go spreagfadh binneas agus cumhacht na beirte sin an dúchas abhí le fada i suan i gcroíthe na ndaoine. Agus an ceart ag Imelda an bhéim ar an teanga a labhairt leis na páistí sa bhaile – más Anglos muid mar phobal deinimis dearmad uirthi agus beidh muid mar chuid den Ueberchultúr domhanda feasta, ach má tá chuimhne de ghlór ár sinsir fós inár gcroíthe bíodh Ré an Tosta thart!