FÍSEÁN: ‘Mura gcuirtear plean náisiúnta le chéile don ghaeloideachas, táimid ag magadh faoinár dteanga’

Ag cruinniú den Choiste Oideachais i dTithe an Oireachtais tráthnóna, thug Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin aitheasc paiseanta uaidh faoi chás na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge atá ‘i bhfad Éireann níos measa as’ ná scoileanna eile…