FÍSEÁN: Léargas drámata ón aer ar tharrtháil triúr ban óg d’aill i gCorca Dhuibhne

Bhí an triúr ban óg ag siúl 200 slat siar ó thráigh Chom Dhíneol i nDún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nuair a tháinig an taoide isteach thart orthu

FÍSEÁN: Léargas drámata ón aer ar tharrtháil triúr ban óg d’aill i gCorca Dhuibhne

Foireann Gharda Cósta an Daingin. Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh/Twitter

Tá físeán á scaipeadh ina dtugtar léargas drámatúil ar an tarrtháil a tugadh ar thriúr mac léinn as Meiriceá a sáinníodh ag bun aille 60 méadar ar airde i gCorca Dhuibhne Dé Sathairn seo caite.

Bhí an triúr ban óg ag siúl 200 slat siar ó thráigh Chom Dhíneol i nDún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nuair a tháinig an taoide isteach thart orthu.

D’éirigh leo dreapadh anairde ar dhreapa sa bhfaill agus cé nach raibh a fhios acu go beacht cá raibh siad, seachas go raibh siad gar do Cheann Sléibhe, ghlaoigh siad ar 999 agus d’éirigh le Garda Cósta Dhairbhre a dhéanamh amach cá raibh siad sáinnithe ó fhearas suímh a bhfón póca.

Tháinig Héileacaptar 115 na Sionainne ar an láthair chun cuidiú le bád tarrthála Dhairbhre agus foireann tarrthála Gharda Cósta an Daingin.

Nuair nár éirigh le criú an héileacaptair iad a chrochadh den fhaill agus toisc nach raibh an bád ábalta dul sách gar dóibh lena dtabhairt slán cuireadh tús le beart tarrthála dhá uair a chlog an Gharda Chósta. Cuireadh téada ar na mná agus crochadh den fhaill iad duine ar dhuine faoi shoilse an héileacaptair agus an bháid tarrthála.

Feictear sa bhfíseán a rinneadh ó Héileacaptar 115 na Sionainne, agus a scaip an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh, an beart tarrthála faoi lán seoil agus duine de na mná á tabhairt slán den fhaill ar cheann téide ag ball den Gharda Cósta.

Thug an triúr ban cuairt aréir ar stáisiun an Gharda Cósta sa Daingean lena mbuíochas a chur in úil don bhfoireann tarrthála.

Tuairiscítear gur bhronn siad cárta buíochais agus cístí ar lucht a slánaithe. 

Dúirt Frank Heidtke, ceannasaí Gharda Cósta an Daingin, le Nuacht TG4 gur bhreá an rud é na mná a fheiceáil agus iad tagtha chucu féin ón eachtra scanrúil.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Léargas drámata ón aer ar tharrtháil triúr ban óg d’aill i gCorca Dhuibhne'