FÍSEÁN: ‘Leanaimis le fís an Fhorógra a chur i gcrích agus tógaimis Poblacht arbh fhiú an teideal sin í’ – Uachtarán na hÉireann

Tá beannachtaí na Féile Pádraig curtha ag Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ar mhuintir na hÉireann uile i dteachtaireacht ina labhraíonn sé faoi 'athmhúscailt' na físe a bhí ag ceannairí an Éirí Amach agus 'na féidearthachtaí gan teorainn' a bhaineann leis an bhfís sin. Deir sé freisin gur féidir linn, i measc rudaí eile, 'ról ceannródaíoch' a thógáil maidir le 'freagra ionraic' a thabhairt ar ghéarchéim na dteifeach

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Leanaimis le fís an Fhorógra a chur i gcrích agus tógaimis Poblacht arbh fhiú an teideal sin í’ – Uachtarán na hÉireann'

  • padraig

    Ó hUigínn ! Conas a réitíonn Teach Fhear Ionaid an Rí leis? Bhfuil sé seascair agus fairsing a dhóthain dó agus an bfuil an tiománaí/gíománach ag tindeáil air mar is cóir? Nach bog atá an craiceann air agus nach furasta dhó a bheith ag seámsaireacht agus ag pápaireacht. Bhfuil an tuarastal agus na pinsin (5 cinn?) dóthanach dó ?Bhfuil aon bhillí Oireachtais eile le síniú aige a chuirfidh ualach breise ar mhuintir na hÉireann ar nós Bille Uisce Éireann?

  • Máirín Mhic Lochlainn

    Ó hUiginn!
    Céard faoi na heitleáin cogaí a bhíonns ag loideáil ag Aerphort na SIonna a Mhíchíl?
    Céard faoi vótaí dár n-imirceoirí a Mhíchíl?
    Céard faoi obair dár ndaoine óga sa mbaile – ní i gcéin!
    Ní le cloisteáil a Mhíchíl, ach focal folamh, chomh folamh le fiacla na sean-chailligh sna scéalta
    fiannaíochta fadó!
    Ceannródaíoch mo thóin!