FÍSEÁN: Lá an Aonaigh i nDoire an Fhéich, 55 bliain ó shin

Pobal Chonamara agus iad ag díol agus ag ceannach ar an aonach a bhíodh ar cheann de na hócáidí móra ag muintir na háite gach mí

Tá seanmhír físe ó chartlann teilifíse RTÉ foilsithe in athuair a thugann léargas ar Lá an Aonaigh i nDoire an Fhéich i gcroílár Ghaeltacht Chonamara cothrom an ama seo sa bhliain 1965.

Mar Chasla, áit a bhfuil ceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta lonnaithe, is fearr a aithnítear an áit anois.   

An clár Newsbeat a bhíodh á chur i láthair agus in eagar ag an gcraoltóir aitheanta Frank Hall a rinne taifeadadh ar phobal Chonamara agus iad ag díol agus ceannach ar an aonach a bhíodh ar cheann de na hócáidí móra ag muintir na háite ar an gcéad Luan den mhí. Níl fuaim ná focail mar thráchtaireacht leis an bhfíseán seo.

Ní eallach agus asail amháin a bhíodh ar an margadh ansin ach éadach, bróga, gréithe tí, agus iliomad ábhar eile a bhí ag teastáil ó phobal Chonamara.

Baineann an físeán le tréimhse a raibh feabhas áirithe ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta ar fud na tíre. Bhí Seán Lemass ina Thaoiseach le dhá mhí roimhe sin agus rialtas móraimh de chuid Fhianna Fáil i gcumhacht. Bhí Harold Wilson ina Phríomh-Aire sa Bhreatain, Terence O’Neill i gceannas sa Tuaisceart agus Lyndon Johnson ina Uachtarán ar Mheiriceá.

Thart ar 11p a bhí ar phionta Guinness an uair sin agus a leithéid le fáil lá an aonaigh Tigh Kitt nó Flaherty’s mar atá air sa bhfíseán.

Seacht mbliana ón uair ar thaifead Newsbeat an físeán seo a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i ngarraí Pheter William, ar leis Tigh Kitt tráth, taobh thiar de láthair an aonaigh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Lá an Aonaigh i nDoire an Fhéich, 55 bliain ó shin'