FÍSEÁN: ‘Is meafar maith é seo do na healaíona Gaeilge – seomra folamh!’ – cruinniú Dála curtha ar ceal agus gan ach beirt bhall i láthair

Naonúr toscairí ó eagraíochtaí Gaeilge agus ealaíne agus gan ach beirt bhall coiste os a gcomhair amach – b’in mar a bhí ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inniu ar cuireadh ar athlá faoi dheireadh é…

FÍSEÁN: ‘Is meafar maith é seo do na healaíona Gaeilge – seomra folamh!’ – cruinniú Dála curtha ar ceal agus gan ach beirt bhall i láthair

Naonúr toscairí ó eagraíochtaí Gaeilge agus ealaíne agus beirt bhall coiste os a gcomhair amach.

B’in mar a bhí ag cruinniú de chuid Choiste Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais tráthnóna faoin am gur cuireadh deireadh luath leis.

Na healaíona agus an Ghaeilge a bhí faoi chaibidil ag  cruinniú an choiste ar mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcuirfí ar ceal é, ní hamháin de bharr na drochaimsire ach mar gheall nach raibh i láthair ach é féin, an Seanadóir Fintan Warfield agus Cathaoirleach an choiste, Peadar Tóibín.

 

D’éirigh idir Ó Cuív agus an Cathaoirleach mar gheall ar scor an chruinnithe agus d’fhág Ó Cuív an cruinniú nuair a socraíodh deis a thabhairt do na toscairí a gcuid ráiteas tosaigh a dhéanamh sula gcuirfí an cruinniú ar athlá.

Dúirt Ó Cuív go raibh fonn abhaile air mar gheall ar an drochaimsir agus gur cheart rogha a thabhairt do na toscairí fanacht nó imeacht agus teacht ar ais lá eile nuair a bheadh níos mó baill i láthair. Ag fágáil an tseomra dó, dúirt Ó Cuív gur “ag caint leis an mballa” a bheifí mar gheall ar an tinreamh a bheith chomh híseal.

Faoin am go raibh a ráitis tosaigh tugtha uathu ag ionadaithe Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ní raibh fágtha de bhaill an choiste beirt Shinn Féin,  an Seanadóir Warfield agus an Cathaoirleach, Peadar Tóibín.

 

Faoin am sin bhí fógra déanta go raibh Tithe an Oireachtais le dúnadh mar gheall ar an drochaimsir agus chuir Tóibín ceist ar Dharach Ó Tuairisg, ionadaí Fíbín, an comhlacht drámaíochta as Conamara, ar mhaith leis a ráiteas tosaigh a dhéanamh láithreach toisc bóthar fada abhaile a bheith roimhe.

Dúirt Ó Tuairisg go mb’fhearr leis teacht ar ais agus a ráiteas a thabhairt nuair a bheadh an cruinniú ar siúl arís agus “daoine sa seomra”.

“Is meafar maith é seo do na healaíona Gaeilge – seomra folamh!’ arsa Ó Tuairisg agus an cruinniú á chur ar athlá.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Is meafar maith é seo do na healaíona Gaeilge – seomra folamh!’ – cruinniú Dála curtha ar ceal agus gan ach beirt bhall i láthair'