FÍSEÁN: ‘Is ionann cur in aghaidh RnaG agus cur in aghaidh na Gaeltachta agus cur in aghaidh na hÉireann…’
Ar an 6 Márta 1972 thug lucht an chláir ‘Féach’ ar RTÉ cuairt ar Chasla i gConamara, mar a raibh meitheal bheag ag ullmhú do sheoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba é Proinsias Mac Aonghusa a rinne an tuairisc agus a chuir faoi agallamh ceannaire na seirbhíse nua Pádraig Ó Raghallaigh. Tá an tuairisc curtha amach arís inniu ag Cartlann RTÉ...
Aindrias
Íosa Dé n’fheadar cé a dhein an tras-scríobh ar chaint PÓR ansan ar shuíomh RTÉ ach níl aon chiall leis agus tá cúpla botún nach beag ann…
Conchubhar
“Más fiú tada í an Ghaeltacht, más fiú tada í an teanga Gaeilge, is leor sin mar údar í mheán” = “…mar údar í a bheith ann” !!!