FÍSEÁN: Glas, Bán ’s Ór – daltaí Choláiste Lurgan ag tacú le foireann na hÉireann

Tá Coláiste Lurgan tar éis a gcéad fhíseán ceoil an samhradh seo a eisiúint agus Craobh na hEorpa 2016 roghnaithe mar ábhar acu. Labhair Tuairisc.ie le leas-phríomhoide an choláiste, Fiachra Ó hEochaidh, faoin amhrán nua

Coláiste Lurgan

Tá sé ina shamhradh arís agus tá na céadta gasúr ag cur fúthu i nGaeltacht Chonamara a fhad is atá na mílte Éireannach sa Fhrainc do Chraobh na hEorpa 2016.

Tá na físeáin de lucht leanúna na hÉireann i mbarr a réime ar shráideanna na Fraince feicthe againn ar líne agus go deimhin ar thuairiscí teilifíse ó thosaigh na Euros an tseachtain seo caite, ach tá cuid den ghliondar agus den fhuinneamh céanna le sonrú anseo in Éirinn chomh maith mar is léir ón bhfíseán nua a chuir Coláiste Lurgan in Indreabhán amach ar maidin.

‘Glas, Bán ’s Ór’ is ainm don amhrán Gaeilge a taifeadadh ar an Trá Mhór i gCois Fharraige an tseachtain seo agus focail Ghaeilge curtha le fonn an amhráin ‘Freed from Desire’ leis an amhránaí Iodálach Gala.

Dúirt leas-phríomhoide an choláiste, Fiachra Ó hEochaidh, le Tuairisc.ie nach raibh sé i gceist ag Coláiste Lurgan, a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach aige mar gheall ar na físeáin cheoil a eisíonn sé gach samhradh, díriú ar Chraobh na hEorpa ar chor ar bith ar dtús.

“Tá muid thar a bheith sásta leis an bhfíseán seo. Ní raibh sé i gceist againn amhrán a dhéanamh faoi na Euros ach bhí an méid sin spéise ag na daltaí ar chúrsa A sa chomórtas. D’aithin muid go raibh go leor leor fuinnimh iontu agus bhí siad ar bís faoin sacar ó tháinig siad. Shíl muid gur bhealach iontach é chun tacú leis an bhfoireann sa Fhrainc agus le lucht leanúna eile a spreagadh,” a dúirt sé.

Chruinnigh an 600, daltaí, múinteoirí agus cúntóirí isteach sa halla mór ar an gCnoc in Indreabhán tráthnóna Dé Luain le breathnú ar chluiche na hÉireann in aghaidh na Sualainne, agus cuireadh ábhar a taifeadadh ar an oíche san fhíseán nua ceoil.

“Bhí tráthnóna Dé Luain thar cionn, bhí atmaisféar aisteach ann sa halla agus thuig gach duine a bhí ann go raibh seans iontach ag Éirinn ó thús an chluiche.

“Bhí an fhoireann ag imirt thar cionn agus bhí an cúl ag teacht, agus ag teacht, agus ag teacht agus nuair a tháinig sé faoi dheireadh ba bheag nár imigh an díon ón gcoláiste. Ní raibh áit ar bith níos fearr le bheith ann ag an nóiméad sin ná i measc 600 Gaeilgeoirí óga, bríomhara agus iad sona sásta,” a dúirt Ó hEochaidh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Glas, Bán ’s Ór – daltaí Choláiste Lurgan ag tacú le foireann na hÉireann'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Uaine, bán agus flannbhuí

    • TG Lurgan

      Can anois é