Tá gearrscannán nua leis an aisteoir as Conamara Linda Bhreathnach, atá bunaithe ar ghearrscéal lena deirfiúr, Bridget Bhreathnach, le taispeáint den chéad uair an tseachtain seo chugainn.
Is é an t-aisteoir cáiliúil Patrick Bergin atá sa phríomhról i Native atá bunaithe ar ghearrscéal a foilsíodh ar an iris Comhar.
Gearrscannán gan focail atá i Native a bheidh le feiceáil in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, ar an Aoine, an 14 Iúil, mar chuid den tsraith New Irish Shorts 4 ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.
Scéal faoin “imirce agus an teacht abhaile” atá i Native, a deir Linda Bhreathanach ar éirigh lena céad gearrscannán, Adulting, duaiseanna idirnáisiúnta a bhaint amach.
“Baineann Native leis an gcumas atá ionainn mar dhaoine an ceann is fearr a fháil ar an uaigneas agus a theacht ar áilleacht an tsaoil,” a deir Linda Bhreathnach a chóirigh agus a stiúir Native.
Chaith an t-aisteoir agus scannánóir seachtain ag obair go deonach i gcampaí na dteifeach i dtuaisceart na Fraince agus chonaic sí go leor “cosúlachtaí” idir scéal theifigh an lae inniu agus scéal mhuintir na hÉireann san am a chuaigh thart.
“Fágann an príomhcharachtar Conamara agus é ina imirceach eacnamaíochta. Nuair a thagann sé abhaile na blianta fada ina dhiaidh sin níl roimhe ach baile tréigthe. Bhí géarchéim dhomhanda na dteifeach agus na n-imirceach ar m’intinn agus an scannán seo á dhéanamh agam,” a deir Linda Bhreathnach.
Socraíodh gur scannán gan focail a bheadh ann mar go raibh sí “ag iarraidh scéal a insint a bheadh chuile dhuine in ann a thuiscint is cuma cén cúlra nó teanga a bheadh acu”.
Comhléiriú le Marina Yournell Donahue as California is ea Native agus tá an bheirt bhan cheana féin ag obair i dteannta a chéile ar a gcéad scannán eile.
Tá Native bunaithe ar an ngearrscéal H91 Arís a scríobh a deirfiúr Bridget Bhreathnach, colúnaí le Tuairisc.ie, agus a foilsíodh ar Comhar i mí Lúnasa 2016.
I dteannta Patrick Bergin sa scannán nua, tá an t-aisteoir Colm Ó Mainnín arb as Ros Muc é. Seán T. Ó Meallaigh an stiúrthóir grianghrafadóireachta agus bhí Colm Hogan páirteach sa scannánú chomh maith. Moisés Mas Garcia, cumadóir ceoil as an gCatalóin ó dhúchas, a chum an ceol nua don scannán.
Taispeánadh an chéad ghearrscannán a rinne Linda Bhreatnach, Adulting, ag féilte scannán ar fud an domhain agus thuill an saothar sin Gradam Rising Star di ó Irish Screen America.
Bhronn Irish Film London an Gradam don Ghearrscannán is Fearr ar Adulting ag an bhFéile Scannán Éireannach i Londain in 2016.
– Tá Fleadh Scannán na Gaillimhe ar siúl ón 11 go dtí an 16 Iúil. Is féidir ticéad a fháil do Native anseo.
Mise Áine
Comhghairdeachas libh!
Éilís Ní Anluain
Treise libh!
Dá uaigní é, mhúscail áilleacht na radharcanna smaointe orthu siúd gur imeacht gan filleadh a bhí i ndán dóibh.