FÍSEÁN: Gaelgory ag tacú leis na Dubs

Tá amhrán nua curtha amach ag Gaelgory ar a leathanach YouTube agus é ag impí ar bhuachaillí na hArdchathrach ‘Sam a thabhairt abhaile cibé slí’

T-Rex Ó Saurus

Tá an dineasár Duibhlinneach T-Rex Ó Saurus tar éis a bhratach a chrochadh roimh Chluiche Ceannais na Peile an deireadh seachtaine seo.

Tá amhrán nua curtha amach aige ar a leathanach YouTube agus é ag impí ar bhuachaillí na hArdchathrach ‘Sam a thabhairt abhaile cibé slí’.

Aithneoidh lucht leanta Eiffel 65 fonn an amhráin agus is maith a fheileann ceol ‘I’m Blue’ d’amhrán in ómós Bhaile Átha Cliath.

“Chum mé an t-amhrán do na leaids agus na cailíní a bhíonn ag imirt don chlub is don chontae – tá an méid sin ómóis agam dóibh. Ní fheictear an méid ama agus fuinnimh a chuireann siad isteach, agus cuireann an spórt isteach ar a saol pearsanta ach bíonn siad ann.

“Tá mé ag rá san amhrán sin go bhfuil mé bródúil astu agus go gcuireann an paisean a bhíonn acu bród i mo chroí,” a dúirt Ó Saurus le Tuairisc.ie.

Tá súil ag an dineasár, a deir sé, a bheith i measc a chuid cairde ar Chnoc 16 Dé Domhnaigh nuair a chloífear an Ríocht.