FÍSEÁN: Gaeilge labhartha ag cúigear feisirí i bParlaimint na hEorpa le seachtain

Cinneadh a rinne feisirí na hÉireann úsáid níos mó a bhaint as an teanga ba chúis leis an rabharta Gaeilge a chualathas i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo

FÍSEÁN: Gaeilge labhartha ag cúigear feisirí i bParlaimint na hEorpa le seachtain

Labhair cúigear d’fheisirí na hÉireann an Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo.

Dheimhnigh na feisirí do Tuairisc.ie gur cinneadh a rinne siad níos mó úsáide a bhaint as an teanga ba chúis leis an rabharta Gaeilge i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Billy Kelleher, Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, go mbeadh iarracht á déanamh ag na feisirí Éireannacha an Ghaeilge a labhairt níos minice sa pharlaimint feasta. 

“Tháinig muid le chéile agus d’aontaigh muid ar fad gur cheart iarracht a dhéanamh níos mó Gaeilge a labhairt. 

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre sa pharlaimint. Is teanga oifigiúil de chuid na hEorpa í agus mura n-úsáidtear í sa pharlaimint bheinn buartha go ndéanfaí cás an stádas sin a bhaint di amach anseo.”

Seán Kelly, Feisire de chuid Fhine Gael agus cainteoir líofa Gaeilge, a d’eagraigh an cruinniú ag ar aontaigh feisirí na Éireann go ndéanfaidís iarracht níos mó ó thaobh na Gaeilge. Mar a tuairiscíodh anseo cheana, bhí imní ar Sheán Kelly faoina laghad Gaeilge a bhí á labhairt sa pharlaimint.

Dúirt Billy Kelleher go raibh tacaíocht á cur ar fáil do na feisirí maidir leis an Ghaeilge ag lucht aistriúcháin na Parlaiminte. 

Is iad na feisirí a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo ná Billy Kelleher, Fianna Fáil, Martina Anderson agus Matt Carthy, Sinn Féin, Ciarán Cuffe, Comhaontas Glas, agus Seán Kelly, Fine Gael. 

Dúirt Matt Carthy go ndearna sé iarracht roimhe seo beagáinín Gaeilge a labhairt sa pharlaimint ach gurb amhlaidh go dtreiseodh sé ar a chuid iarrachtaí ó tharla nach raibh a chomhghleacaí Liadh Ní Riada, nár labhair ach Gaeilge sa pharlaimint, ina feisire níos mó.

Dúirt sé go raibh “bearna mhór” ó thaobh na Gaeilge sa pharlaimint ó chaill Ní Riada a suíochán,

“Tá mo chuid Gaeilge an-lag i gcomparáid le Gaeilge Liadh [Ní Riada] ach tá súil agam go dtiocfaidh feabhas orm.”

Dúirt an feisire de chuid Shinn Féin go raibh brú á chur chomh maith ag Conradh na Gaeilge ar fheisirí na hEorpa níos mó Gaeilge a labhairt.

“Bhuaileamar freisin le haistritheoirí Gaeilge atá ag obair sa pharlaimint agus thug siad spreagadh dúinn an Ghaeilge á úsáid níos minice inár gcuid oibre.

“Mar gheall ar na rudaí sin go léir, bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil sa pharlaimint an tseachtain seo. Tá súil agam gur ina thús atá sé,” arsa Matt Carthy, feisire Eorpach de chuid Shinn Féin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Gaeilge labhartha ag cúigear feisirí i bParlaimint na hEorpa le seachtain'

  • Seán Mag Leannáin

    Bíonn gach tosach lag ach tréaslaím leis na feisirí a ghlac páirt san iarracht seo agus féirplé do Sheán Ó Ceallaigh as an gceannaireacht agus an dea-shampla a thugann sé do na daoine eile.

  • Gaeilge sa Chomhaontas Glas

    Táimidne sa Chomhaontas Glas fíorbhródúil as an iarracht atá déanta ag Ciarán an Ghaeilge a labhairt sa Pharlaimint, agus tuigtear dúinn go bhfuil sé ag iarraidh sin a dhéanamh go rialta, agus stádas iomlán oifigiúil don teanga in 2021 ag teannadh linn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi fhorbairtí Gaeilge sa Chomhaontas Glas ar na meáin shóisialta thíos:

    https://www.facebook.com/GaeilgeSaChomhaontasGlas/

    https://twitter.com/Gaeilge_sa_CG

  • Fidelma Ní Ghallchobhair

    Céim thábhachtach chun cinn í seo. Tacaíonn sí lenár bhféiniúlacht, lenár dteanga, lenár n-íomhá chultúrtha, agus lenár gcuid aistritheoirí agus ateangairí.

  • Seán Fennell

    Déanaigí amhlaidh sa Dáil!

  • Cluain Sceach

    Sea agus ní hea. Bhí cuid acu chomh lag san go mba dheacair iad a thuiscint…