FÍSEÁN: Dán le Nuala Ní Dhomhnaill á léamh ag Marie Mullen

Tá ‘Caitlín’ le Nuala Ní Dhomhnaill ar cheann de dheich ndán a roghnaíodh don tsraith Coole Park poetry series

FÍSEÁN: Dán le Nuala Ní Dhomhnaill á léamh ag Marie Mullen

Tá an dán ‘Caitlín’ le Nuala Ní Dhomhnaill á léamh ag an aisteoir aitheanta Marie Mullen mar chuid de shraith gearrscannán atá á léiriú ag an chompántas amharclannaíochta Druid.

Tá dán Uí Dhomhnaill ar cheann de dheich ndán a roghnaíodh don tsraith Coole Park poetry series, a taifeadadh i bPáirc na Cúile i nGaillimh don dara bliain as a chéile.

Is é Colm Tóibín a roghnaigh na dánta don dara sraith gearrrscannán, atá á cur amach ag RTÉ Culture ó thús an tsamhraidh.

Naoi bhfíseán atá curtha amach go dtí seo, ina measc dán le Austin Clarke ‘The Echo at Coole’ á léamh ag Tommy Tiernan, cuid de dhán Seamus Heaney ‘Station Island VII’ á léamh ag Marty Rea agus ‘The Architectural Metaphor’ le Eiléan Ní Chuilleanáin á léamh ag Venetia Bowe.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Dán le Nuala Ní Dhomhnaill á léamh ag Marie Mullen'