FÍSÉAN: Daltaí scoile san Astráil ag canadh as Gaeilge

Scaipeadh físeán ar Facebook de dhaltaí i Scoil Stáit Yarraman in iarthar na hAstráile ag canadh míonna na bliana as Gaeilge

FÍSÉAN: Daltaí scoile san Astráil ag canadh as Gaeilge

Tá gasúir scoile san Astráil ag fáil réidh do Sheachtain na Gaeilge agus míonna na bliana á bhfoghlaim acu as Gaeilge.

Scaipeadh físeán ar Facebook de dhaltaí i Scoil Stáit Yarraman in iarthar na hAstráile ag canadh míonna na bliana as Gaeilge.

Múinteoir as Éirinn, Alanna Blanch, atá i bhfeighil an ranga agus an Ghaeilge á múineadh aici do na gasúir mar chuid de scéim teangacha eile a mhúineadh do dhaltaí scoile.

Dúirt Alanna, atá ag múineadh san Astráil le ceithre bliana anuas, go raibh na gasúir ag baint an-taitneamh as na ranganna Gaeilge agus go raibh siad ar bís an teanga a fhoghlaim

Dúirt sí go raibh sé i gceist ag an rang taispeántas a dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge

Fág freagra ar 'FÍSÉAN: Daltaí scoile san Astráil ag canadh as Gaeilge'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Cén fáth nach bhfuil daltaí scoil stáit Yarraman ag éileamh diolúintí ón nGaeilge? Nó an é go bhfuil siad níos fearr ná daltaí in Éirinn chun teangacha a fhoghlaim?

  • S. Mac Muirí

    An-mhaith a Chriostóir. An ceart ar fad agat.

    Maith sibh a Dhaltaí Stát Yarramain! Treise libh a deirim.