FÍSEÁN: ‘Cuimhnígí go bhfuil áit ar leith in ifreann do mhná a choinníonn siar mná eile!’ – bean óg as Conamara sa Seanad
Bhí Anna Ní Laoi, as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua, ar dhuine de 16 daltaí iarbhunscoile a roghnaíodh do ‘Vótáil 100’ chun labhairt faoi chás na mban in 2018
Seosaimhin Ni Bheaglaoich
Tusa an bhean. Tá sé ráite agat.
Aine Ni Chonghaile
Dia is Muire leat a Anna dual muintire dhuit e nar laga Dia thu is muid ata mortasach asat Nan Mhichael
Mairéad Ní Nuadháin
Óráid den scoth!Maith thú!
Máirín Nic Dhonnchadha
Sin é an spiorad a spreagfaidh athruithe i dtreo na cothromaíochta & an chirt, a Anna. Ardú meanma a bheith ag éisteacht leat. Comhghairdeachas agus coinnigh ort!
Spailpínfánach
Damanta uilig.
Art
Ar fheabhas, tá corraí croí orm ina dhiaidh.
Treasa Uí Lochlainn
Tá do theanga ar do chomhairle fhéin agat a Anna bail ó Dhia ort , ní náireach dhuit do bhéal a oscailt. Tá muid fíor bhródúil asat le cúnamh Dé is i dTeach Laighean a thabharfas tú an chéad oráid eile .
an Theanga Bheo
Ná breá thú ban laoch amach is amach thú Beo go deo thú beir bua leat