FÍSEÁN: Costas aistriú oifige agus cíosa Fhoras na Gaeilge pléite ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur ‘aisteach’ an cás é athlonnú Fhoras na Gaeilge, ach mhaígh oifigigh na Roinne Gaeltachta go bhfuair siad dea-mhargadh nuair a bhog siad go Sráid Amiens

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly inné gur chosúil gur “aisteach go deo an bealach le gnó a dhéanamh” na socruithe a rinneadh maidir le léas oifig nua Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens.

Pléadh inné ag cruinniú de chuid an Choiste Um Chuntais Phoiblí i dTithe an Oireachtais na dintiúir a bhain le haistriú an Fhorais ó Chearnóg Mhuirfean agus Shráid Fhreidric go dtí Sráid Amiens agus le haistriú ÁIS go Dún Seachlainn.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge Katherine Licken gur €593,000 cíos san iomlán atá á íoc ag Foras na Gaeilge ar a n-oifig nua, agus go bhfuil  €63,000 in aghaidh na bliana ar feadh 15 bliain san áireamh ansin mar chúiteamh don tiarna talún ar an obair athchóirithe a rinne sé chun 63-66 Sráid Amiens a chur in oiriúint don eagraíocht teanga.

€412,000 na costais athlonnaithe a bhain le haistriú an Fhorais, rud a fhágann gur €1.375 milliún costas iomlán an athlonnaithe, nuair a chuirtear costas an athchóirithe a rinne an tiarna talún san áireamh.

Dúirt Catherine Connolly ag cruinniú an lae inniu go mbeadh sí ag iarraidh ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste féachaint ar an athlonnú ó thaobh luach airgid de. D’iarr sí tuilleadh eolais chomh maith ar oifigigh Roinn na Gaeltachta maidir leis an monatóireacht a rinne siad ar athlonnú an Fhorais agus faoi cathain a fuair siad amach mar gheall ar an dara socrú leis an tiarna talún i dtaobh an chostais athchóirithe.

Dheimhnigh Ard-Rúnaí na Roinne Gaeltachta Katherine Licken gur €100,000 in aghaidh na bliana a bhí á íoc ag an tionónta a bhí san fhoirgneamh ar Shráid Amiens roimh an Foras, ach dúirt sí nach slán an chomparáid idir “sean-léas” agus léas an Fhorais.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta gur foirgneamh “de sheandéanamh na 1980idí a raibh an-drochbhail air” a bhí i 63-66 Sráid Amiens agus gurb é an tslat tomhais maidir le cíos ná staid an mhargaidh sa lá inniu seachas seansocruithe.

Dúirt Licken “de réir mar atá cúrsaí cíosa in aghaidh an mhéadair chearnaigh” i mBaile Átha Cliath go gcosnódh oifig i gCearnóg Mhuirfean €800,000 in aghaidh na bliana sa lá atá inniu ann agus go dtabharfaí €1.3m ar oifig ‘Grád A’ i lár na cathrach.

Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste féin ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais inné go mbíonn cíos ard i mBaile Átha Cliath agus gur €380 an méadar cearnach a bhí á íoc mar chíos ag Foras na Gaeilge i Sráid Amiens i gcomparáid le timpeall €500 an méadar cearnach a bhíonn coitianta i lár na cathrach.

Dúirt sé chomh maith gur deacair comparáid a dhéanamh maidir le cíos ar fhoirgnimh mar gheall ar an mbail éagsúil a bhíonn orthu. Sa chás go mbeadh drochbhail ar fhoirgneamh, d’fhéadfadh, a dúirt sé, an té atá chun léas a thógáil an obair athchóirithe a thabhairt air féin nó iarraidh ar an tiarna talún an obair a dhéanamh agus an costas a chur isteach leis an gcíos, mar a tharla i gcás an Fhorais.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy gur léiriú ab ea cás athlonnú an Fhorais gur chóir go bhféachfadh eagrais phoiblí le morgáistí a fháil agus oifigí a cheannach seachas a bheith ag íoc cíosa, moladh a bhí ag an Teachta Dála Catherine Connolly chomh maith.

Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Seamus McCarthy gur moladh “cuí” a bhí ansin ach gur cheist í d’Oifig na nOibreacha Poiblí.

I gcás athlonnú oifigí an Fhorais, d’fhág an OPW an cúram sin faoin eagraíocht teanga trasteorann féin, ach dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta Aodhán Mac Cormaic go raibh an OPW sásta go bhfuair an Foras luach ar airgead i Sráid Amiens.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Costas aistriú oifige agus cíosa Fhoras na Gaeilge pléite ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí'

  • Des O Murchu

    Cad faoi an scrios muiniu deanta ar Gaeilge le treimhse gairid blianta? Aon ple ar sin! Des O Murchu