FÍSEÁN: Comhrá Gaeilge gan choinne ag Kenny agus Adams i Sligeach

Tharla sé go raibh an Taoiseach agus Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams i gContae Shligigh ag an am céanna inniu…

Screen Shot 2016-02-10 at 12.21.08
Enda Kenny agus Gerry Adams i Sligeach inniu. Pictiúr: Fergal O’Brien/Twitter

Rinne an Taoiseach Enda Kenny agus ceannaire Shinn Féin Gerry Adams beagáinín cleachtaidh inniu do dhíospóireacht thoghcháin TG4 nuair a bhí comhrá gan choinne acu i nGaeilge.

Tharla sé go raibh an Taoiseach agus Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams i gContae Shligigh ag an am céanna inniu agus iad ag tabhairt tacaíochta d’ionadaithe na bpáirtithe atá ag seasamh dá bpáirtithe i Sligeach-Liatroim Thuaidh. 

Bhí Fergal O’Brien, tuairisceoir de chuid TV3 News ar an láthair agus thapaigh sé an deis físeán a thaifeadadh den bheirt cheannairí agus iad ag caint lena chéile.

“Come over here! Gabh i leith anseo!” a dúirt an Taoiseach le Adams agus diongbháilte de nach raibh sé chun deis a thabhairt do ghrianghrafadóirí pictiúr a thógáil de agus é ag seasamh os comhair bhus toghcháin Shinn Féin. “An bhfuil tú go maith, caidé an chraic leat?” a d’fhiafraigh Adams de cheannaire Fhine Gael. D’iompaigh Kenny ar an mBéarla ansin ghuigh sé beannacht agus dea-mhéin ar iarrthóir Shinn Féin sa dáilcheantar, Chris MacManus, agus é a rá go mbeidh sé “up against a formidable Fine Gael team here in Sligo”.  Dúirt MacManus go raibh iomaíocht ghéar roimh fhoireann Fhine Gael chomh maith sular chuir Adams stop leis an gcomhrá. “Maith go leor, go n-éirí an t-ádh libh”. Níorbh é seo an chéad uair a dtáinig foireann Fhine Gael agus foireann Shinn Féin ar a chéile i Sligeach. Thuairiscigh tuairisceoir RTÉ Pat McGrath aréir gur tharraing bus toghcháin an Taoisigh agus bus toghcháin Adams isteach sa charrchlós óstáin céanna don oíche. Ba iad lucht Fine Gael a rinne an ‘u-chasadh’ an uair sin, is cosúil.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Comhrá Gaeilge gan choinne ag Kenny agus Adams i Sligeach'