I mBéarla a bhí an comhfhreagras a fuair Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta roimh chruinniú tráthnóna maidir le forbairt na seirbhíse craoltóireachta.
Ag tús an chruinnithe, atá ar siúl i dTithe an Oireachtais tráthnóna, chuir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly in iúl don toscaireacht a bhí i láthair ó fhoireann bainistíochta Raidió na Gaeltachta agus RTÉ go raibh díomá uirthi gur i mBéarla a bhí an comhfhreagras a fuarthas roimh an gcruinniú.
Mhol urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go ndéanfadh an coiste gearán oifigiúil leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal toisc go raibh an comhfhreagras a fuair an coiste “in aghaidh an dlí”.
Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag duine den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi i scríbhinn ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.
Dúirt Ó Cuív agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chomh maith gur ábhar díomá dóibh nár ghlac Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes le cuireadh an choiste teacht ina láthair inniu don phlé faoi ‘fhorbairt agus todhchaí Raidió na Gaeltachta’.
Dúirt Ó Cuív gur chóir go mbeadh Forbes ann mar gurb í atá freagrach as Raidió na Gaeltachta.
Tá Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Ábhar RTÉ, Jim Jennings, agus ceannasaí gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna.
Donncha Ó hÉallaithe
Ní fheicim go bhfuil sé ráite cé uaidh a tháinig an comhfhreagras i mBéarla.
Magaoidh
Comhfhreagras oifigiúil aonteangach Stáit a bheidh sna rabhaidh sláinte i mBéarla amháin a bheidh ar cannaí agus buidéil alcóil feasta. Beidh Teachtaireacht eile an-soiléir sa gcomhfhreagras ar na buidéil agus na cannaí seo; i.e. nach mbaineann an teanga náisiúnta le gnáthshaol an lae inniú. Vótáil an Teachta Ó Cuív ar son na fógraí aonteangacha Stáit seo. D’impigh Gaeltacht Bheo ar an Uachtarán Michael D Ó hUiginn an Bille Sláinte Alcóil a sheoladh chun na hArdchúirte, rud nár dhein sé.