FÍSEÁN: Ceist ché Inis Oírr pléite sa Dáil agus ‘súil le dul chun cinn’ i mbliana

Deir ionadaithe pobail go raibh cruinniú dearfach acu leis an Aire Heather Humphreys inné agus súil acu go mbeidh an obair ina tionscnamh príomha ag a Roinn

FÍSEÁN: Ceist ché Inis Oírr pléite sa Dáil agus ‘súil le dul chun cinn’ i mbliana

Mháigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil aréir go raibh dlús curtha leis an bplean athfhorbairt athfhorbairt a dhéanamh ar Ché Inis Oírr.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil “cás láidir” déanta ag an an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys leis an Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath “chun maoiniú a chur in áirithe don ché mar chuid den athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta”.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an togra anois mar chuspóir tábhachtach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

“Aontaíonn gach duine go bhfuil gá le forbairt shuntasach a dhéanamh ar ché Inis Oírr ar mhaithe le sábháilteacht na ndaoine atá ag baint úsáid as an gcé, idir oileánaigh agus chuairteoirí.”

Agus é á cheistiú sa Dáil ag an Teachta Dála Catherine Connolly maidir le cén uair a bheadh an obair uile curtha i gcrích, dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil go ndéanfaí “dul chun cinn suntasach maidir leis an togra seo le linn 2021”.

Mheas an Teachta Connolly go raibh “a lán cainte taobh thiar den togra seo gan aon bheart”

Dúirt sí go raibh “praiseach” déanta den tionscadal uile agus go raibh an freagra ceannann céanna á thabhairt ag an Rialtas faoin togra le cúpla bliain anuas gan aon dul chun cinn déanta.

Dúirt an Teachta Neamhspleách do Ghaillimh Thiar go raibh cruinniú dearfach ann idir polaiteoirí agus muintir Inis Oírr i rith na seachtaine agus mhol sí an cur i láthair a rinne toscairí ón oileán.

“An rud a sheas amach, rinneadh tagairt do ché Dhúlainn. Laistigh de thrí mhí, bhí deireadh leis an obair sin maidir le cé Dhúlainn. Tá muintir Inis Oírr ag fanacht ó 2003.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh cúiseanna éagsúla leis an moill a bhí ar ché Inis Oírr, an ghéarchéim airgeadais ina measc.

Deir ionadaithe pobail go raibh cruinniú dearfach acu leis an Aire Humphreys i rith na seachtaine agus go bhfuil súil acu anois go mbeidh an obair ina tionscnamh príomha ag an Roinn sin.

Tá muintir an oileáin blianta fada ag fanacht leis an athfhorbairt agus an scéal i mbéal an phobail arís le seachtain anuas agus imní léirithe faoi shábháilteacht na céibhe.

D’eagraigh an Seanadóir Seán Kyne an cruinniú idir ionadaithe pobail, an tAire Humphreys agus roinnt polaiteoirí áitiúla eile chun an obair atá le déanamh ar an gcé a phlé.

Tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil an cás gnó don fhorbairt faighte ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus go bhfuil sé á mheas ag oifigigh na roinne. Dúirt an tAire Humphreys go dtógfadh sé sé seachtaine an scrúdú sin a chur i gcrích. 

Dúradh go raibh roinnt eolas breise fós le cur ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le ceadúnas cladaigh agus Ordú Ceannaigh Éigeantaigh sealadach a chaithfidh an Chomhairle a achtú ach measadh nach gcuirfeadh sin aon mhoill ar obair na Roinne.

Nuair atá an obair sin críochnaithe, rachaidh moladh ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta sa Roinn agus, le cead an Aire, rachaidh an obair chun tairisceana. Measadh go dtógfaidh an próiseas tairisceana 6-9 mí don obair dheartha agus thógála.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne “go raibh an cruinniú dearfach, agus roinn ionadaithe na nOileán a n-imní agus a bhfrustrachas faoin moill agus an easpa soiléireachta leis an tionscadal.” 

Dúirt an Seanadóir Kyne “go bhfuil muintir Inis Oírr ag fanacht le fada chun dul ar aghaidh leis an tionscadal seo agus go gcaithfidh an Rialtas agus an Chomhairle Contae leanúint ar aghaidh ag obair chun an ché seo a soláthar”.

Ghabh an comharchumann áitiúil, Comhar Caomhán Inis Oírr, buíochas leis an Seanadóir Kyne as an gcruinniú a eagrú, agus leis an Aire Humphreys as ucht freastal.

“Fáiltítear roimh ghealltanas ón Aire Heather Humphreys go bhfuil sí le gach iarracht a dhéanamh forbairt chéibh Inis Oírr a thabhairt chun cinn agus go bhfuil sé mar thionscnamh príomha aici ina Roinn.

“D’admhaigh an tAire go bhfuil fadhbanna suntasacha sláinte agus sábháilteachta ag baint le céibh Inis Oírr agus go dtuigeann sí an frustrachas atá phobal an oileáin,” a dúradh i ráiteas an chomharchumainn.

Ghabh an comharchumann buíochas leis an hionadaithe poiblí áitiúla a bhí i láthair agus a thugann “tacaíocht leanúnach” don “fhorbairt riachtanach” seo. Dúradh go raibh muintir an oileáin “ag tnúth go mbeidh forbairt na céibhe ar Inis Oírr ag dul ar aghaidh gan mórán moille”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Ceist ché Inis Oírr pléite sa Dáil agus ‘súil le dul chun cinn’ i mbliana'