FÍSEÁN: Casadh baileád ‘Oráiste’ do gharmhac de Valera sa GPO Luan Cásca

Bhí Tuairisc.ie i láthair ag seisiún ceoil suaitheantasach sa GPO Dé Luain nuair a chas Ian Malcolm an t-amhrán ‘Lurgan Town’ i ndiaidh eagrán speisialta den chlár Cormac ag a Cúig ar RnaG

Ba as Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath a craoladh eagrán speisialta den chlár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan Cásca. Taobh amuigh den GPO bhí féile RTÉ ‘The Road to the Rising’ ar siúl ó mhaidin go tráthnóna. Ar phainéal an chláir a rinne plé ar Chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916, bhí polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla chomh maith leis an Aontachtaí agus Gaeilgeoir aitheanta, Ian Malcolm. Bhí comhrá bríomhar ann le linn an chláir agus nochtadh go leor tuairimí difriúla faoi oidhreacht an Éirí Amach agus an chaoi ar cheart cuimhniú a dhéanamh air, ach ba tar éis an chláir a tharla an eachtra is suntasaí. 

99 mbliana tar éis do Thomás Ó Cléirigh agus Pádraig Mac Piarais a gcuid fear a thabhairt isteach trí dhoirse na hArd-Oifige, agus i láthair gharmhac Éamoin de Valera, chan Ian Malcolm amhrán Aontachtach, ‘Lurgan Town’.

Féach thíos an físeán ina bhfuil taifead de Malcolm i mbun amhránaíochta chomh maith le leagan de The Foggy Dew ag an gcomhairleoir contae Mícheál Mac Donnchadha ó Shinn Féin. 

I measc na n-aíonna eile a bhí i láthair bhí an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, garmhac Éamoin de Valera, an léachtóir Regina Uí Chollatáin agus Iar-Mhéara Chill Chainnigh Seán Ó hArgáin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Casadh baileád ‘Oráiste’ do gharmhac de Valera sa GPO Luan Cásca'