
An Daonlathach Brendan Boyle, arbh as Gleann Cholm Cille dá athair, a bhuaigh suíochán i gComhdháil na Stát Aontaithe sna holltoghcháin aréir. 67% den vóta a bhí ag Boyle rud a d’fhág chun cinn é ar an iarrthóir Poblachtánach Dee Adcock.
Líonfaidh Boyle an suíochán a fhágfaidh an Feisire Allyson Schwartz ina diaidh nuair a éireoidh sí as oifig i mí Eanáir. Labhair Tuairisc.ie le col ceathrar an Fheisire nua, Liam Ó Cuinneagáin, le linn na vótála aréir.
Seo físeán feachtais an fheisire nua.