FÍSEÁN: ‘Briseann sé mo chroí nach gcloisfidh sí é’ – amhrán nua ag KNEECAP dá máithreacha

Bhásaigh máthair duine de bheirt rapadóirí KNNECAP go hanabaí le déanaí agus tá súil acu airgead a bhailiú do na Samaritans lena singil nua

FÍSEÁN: ‘Briseann sé mo chroí nach gcloisfidh sí é’ – amhrán nua ag KNEECAP dá máithreacha

Tá amhrán nua curtha amach ag KNEECAP i gcuimhne Aoife Ní Riain, máthair duine de bheirt rapadóirí an ghrúpa as Béal Feirste.

Fuair an gníomhaí Gaeilge agus ceoltóir bás anabaí mí Dheireadh Fómhair, agus d’fhógair a mac Naoise Ó Cairealláin, Móglaí Bap KNEECAP, inniu go mbeadh an singil nua ‘Mam’ ar díol ar mhaithe leis na Samaritans.

“Don togra is déanaí againn le DYRT theastaigh uainn amhrán amháin a chumadh a bhí éagsúil ó na gnáthchinn. Mar sin, shocraíomar port faoi rud a bhí real a chumadh, ár máithreacha.

“Bhí mé ag súil go mór ligean do mo Mham éisteacht leis an bport seo ach dúirt mé léi go gcaithfeadh sí feitheamh go mbeadh sé críochnaithe, theastaigh uaim go mbeadh sé foirfe di.

“Ar an drochuair, d’imigh mo mháthair uaim le déanaí le féinbhás agus bhris sé mo chroí nár chuala sí é.

“Tugaigí aire dá chéile go háirithe faoi Nollaig. Beidh an singil ar díol againn chun airgead a bhailiú do charthanacht na Samaritans. Má tá cluas le héisteacht ó aon duine, cuir teachtaireacht chugainn. Mam, tá an ceann seo duitse,” a dúradh i ráiteas ó KNEECAP.

Bhí Gaeil Bhéal Feirste faoi scáth mí Dheireadh Fómhair nuair a bhásaigh Aoife Ní Riain a bhí 61 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Briseann sé mo chroí nach gcloisfidh sí é’ – amhrán nua ag KNEECAP dá máithreacha'