FÍSEÁN: Bonn óir buaite ag rothaí as Gaeltacht Thír Chonaill i Sasana

Chríochnaigh Clodagh Ní Ghallchóir, as Gaoth Dobhair, an rás ráibe 50m in 5.7 soicind — .1 soicind níos sciobtha ná an cailín a tháinig sa dara háit

FÍSEÁN: Bonn óir buaite ag rothaí as Gaeltacht Thír Chonaill i Sasana

Tá bonn óir tugtha abhaile go Gaoth Dobhair ó chomórtas rothaíochta i Sasana ag bean óg Ghaeltachta. Bhuaigh Clodagh Ní Ghallchóir, as an gCarraig i nGaoth Dobhair, an chéad áit ag na Cluichí Scoile 2017 a reáchtáladh in Ollscoil Loughborough i Leicestershire an deireadh seachtaine seo caite.

Chríochnaigh Ní Ghallchóir an rás ráibe 50m in 5.7 soicind — .1 soicind níos sciobtha ná an cailín a tháinig sa dara háit. Sháraigh sí curiarracht an chomórtais agus bhuaigh an chéad bhonn óir riamh ag na Cluichí Scoile d’fhoireann Uladh.

Dúirt Ní Ghallchóir, ar ball den Triple A Cycling Club i dTír Chonaill í, le Tuairisc.ie nach raibh aon súil aici leis an mbonn óir a bhuachaint ach go bhfuil sí an-sásta leis an toradh. Chuaigh sí anonn go na Cluichí Scoile anuraidh agus tháinig sí sa 16ú háit an uair sin.

“Bhí mé ag traenáil i bhfad níos crua i mbliana, bhí seans agam dul isteach sna Cluichí Oilimpeacha, ach bhí mí-ádh orm agus chrasháil mé, ach bhí mé ag déanamh i bhfad níos mó traenála ón am seo anuraidh,” a dúirt sí.

Bíonn Ní Ghallchóir ag traenáil sa bhaile ar an mbealach mór i nGaoth Dobhair agus ag ionad rothaíochta i mBéal Feirste. Cé nár éirigh léi áit a fháil sna Cluichí Oilimpeacha faoi aois i mbliana, dúirt sí go bhfuil súil aici páirt a ghlacadh sna cluichí do dhaoine fásta amach anseo.

Roghnaíodh d’fhoireann rothaíochta na hÉireann í agus tá comórtais éagsúla ag teacht aníos gan mhoill aici. Beidh sí i nGlaschú níos deireanaí an mhí seo le rásaí eile a dhéanamh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Bonn óir buaite ag rothaí as Gaeltacht Thír Chonaill i Sasana'