FÍSEÁN: Bob buailte ag Éireannach ar mhuintir na hIaráine le raiméis i nGaeilge
Tá físeán foilsithe ag an mblag faoi chúrsaí taistil, Ready For Road, ina ndéanann Éireannach fir ‘dán Gaeilge’ a aithris ag cóisir tí san Iaráin
Tá físeán foilsithe ag an mblag faoi chúrsaí taistil, Ready For Road, ina ndéanann Éireannach fir ‘dán Gaeilge’ a aithris ag cóisir tí san Iaráin
Fearn
A leithéid de choc agus de chac!!
An bhfuil dul amú orm nó an é sin a chéad iarracht dul i gceann dallmullóige?
Sin dóigh amháin le do bhuíochas a chuir in iúl do mhuintir a chuir fáilte roimh an strainséir.
Déanfaidh sé poiliteoir cruthanta.
Mise Áine
Ní fhaca mé aon bhean ar an bhfíseán…hmmm…
Diarmuid
Dá ndéanfadh polaiteoir nó duine i mbéal an phobail ó thuaidh nó ó dheas nó in áit ar bith an saghas seo cainte bheadh sé ina cúis conspóide. Ní hamháin gur léirigh an fear seo drochmheas ar na daoine a chuir fáilte roimhe ach léirigh sé drochmheas ar lucht na Gaeilge anseo sa bhaile agus ar an náisiún a bhfuil sé in ainm ‘s bheith mar bhall de. Cad is féidir le rud mar seo a dhéanamh ach drochmheas a tharraingt orainn ar fad.