FÍSEÁN: ‘Bheadh níos mó measa ag pobal na Gaeilge ar Aire agus Roinn na Gaeltachta dá n-aithneoidís chomh holc is atá cás na teanga’

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín gur cheart a bheith níos ‘ionraice’ faoi chás na teanga, ach deir an tAire Stáit Joe McHugh nach dtugtar dóthain airde ar ‘rudaí dearfacha’

FÍSEÁN: ‘Bheadh níos mó measa ag pobal na Gaeilge ar Aire agus Roinn na Gaeltachta dá n-aithneoidís chomh holc is atá cás na teanga’

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil an baol ann go mbeadh na “scéalta dearfacha” faoin nGaeilge ann i ngan fhios do dhaoine toisc go leagtar an iomarca béime ar chúrsaí maoinithe agus ar cheisteanna faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid Choiste Cultúir, Oidhreachta agus an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt an tAire Stáit go raibh ceisteanna faoi chúrsaí buiséid agus eile “thar a bheith tábhachtach” ach nach dtugtar dóthain airde ar “rudaí dearfacha” i gcomparáid le ceisteanna ‘polaitiúla’.

Agus buiséad agus meastacháin Roinn na Gaeltachta á bplé ag cruinniú an lae inné, dúirt cathaoirleach an choiste, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, gur chóir don Aire Stáit agus lucht a roinne a bheith níos “ionraice” faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta.

Mhaígh Tóibín go mbeadh níos mó “measa” aige féin agus ag pobal na Gaeilge ar Roinn na Gaeltachta agus ar an Aire Stáit féin dá n-aithneoidís cé chomh ‘olc’ is atá cás na teanga sa Ghaeltacht i bhfianaise fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 maidir le labhairt na Gaeilge.

Léirigh an Daonáireamh gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2016..

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine, nó 11%.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Bheadh níos mó measa ag pobal na Gaeilge ar Aire agus Roinn na Gaeltachta dá n-aithneoidís chomh holc is atá cás na teanga’'

  • Feargach

    Níl tuiscint ar bith ag McHugh ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá níos mó suime aige i lucht na gcúpla focal ná mar atá i ngéarchéim na Gaeltachta. B’fhearr leis ligean air féin nach bhfuil géarchéim ar bith ann agus labhairt ar ‘athbheochan’ agus ‘rudaí dearfacha’. Ní féidir an teanga a shlánú mura bhfuiltear ionraic faoin drochstaid ina bhfuil sí agus mura gcuirtear deireadh leis an gcur i gcéill. Cuireann sé lagmhisneach agus samhnas orm (agus ar go leor eile táim cinnte) go bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta sa rialtas leagtha ar a leithéid nach féidir é a thuiscint fiú mar ní bhíonn bun ná barr lena chuid ráiteas de bharr a chuid droch-Ghaeilge.