FÍSEÁN: Anseo sa Chatalóin tá clampar mór tarraingthe ag ceist an tumoideachais

Sa tuairisc speisialta seo ó Barcelona déantar cur síos ar chonspóid a bhaineann le rialú cúirte nua faoi úsáid na Spáinnise ar scoil agus labhraítear le tuismitheoirí faoin scéal 

De réir na bhfigiúirí oifigiúla, labhraíonn 47% de mhuintir na Catalóine Spáinnis gach lá, labhraíonn 36% an Chatalóinis gach lá, 7% a labhraíonn an dá theanga go laethúil, agus labhraíonn 10% teangacha éagsúla eile. Cé go bhféadfá a rá mar sin gur réigiún dátheangach amach agus amach atá ann, tá ceist na teanga i scoileanna na Catalóine ag tarraingt clampar mór ar fud an réigiúin anseo faoi láthair.

Thug tuismitheoirí i scoil amháin sa gCatalóin cás cúirte in aghaidh an stáit mar nach raibh teagasc trí Spáinnis ar fáil dá gclann sa gcóras oideachais poiblí anseo. Tá an Chúirt Uachtarach tar éis a rialú go gcaithfidh ar a laghad 25% den teagasc sna scoileanna a bheith trí Spáinnis agus tá foláireamh tugtha do rialtas na Catalóine an córas a athrú.

Tá m’iníon féin Ailbhe ag freastal ar an mbunscoil anseo agus tá an Chatalóinis agus an Spáinnis ar a toil aici. Cé gur i gCatalóinis atá a cuid scolaíochta ar fad, tá an Spáinnis chuile orlach chomh maith céanna aici. Is é an t-údar leis sin ná gurb í an Spáinnis gnáth-theanga labhartha na ngasúr sa gclós scoile. Má bhíonn grúpa acu le chéile, bíonn a fhios acu go bhfuil Spáinnis mhaith ag gach duine ach go mb’fhéidir nach bhfuil an Chatalóinis ar a dtoil ach ag mionlach – mar sin téann siad leis an Spáinnis. De bhrí seo, tá an cumas Spáinnise a bhíonn ag daltaí meánscoile chomh hard agus fiú níos airde ná mar atá sé i roinnt réigiún eile nach labhraítear iontu ach an Spáinnis.

Tá imní ar go leor gur buille marfach a bheadh anseo don Chatalóinis agus go bhfuil sé ríthábhachtach an teanga a choinneáil beo i measc daltaí scoile. Tá cuid eile den phobal a shíleann gur cheart tús áite a thabhairt don Spáinnis, teanga náisiúnta na tíre mar a fheictear dóibhsean é. An dtitfidh an tóin as labhairt na Catalóinise de réir a chéile? Tá údar imní acu má smaoiníonn muid ar stair an réigiúin.

Tá an Chatalóinis ina cnámh spairne anseo le fada an lá. Bhí cosc ar an teanga ar feadh beagnach dhá scór bliain le linn deachtóireacht Franco. Ba í an Spáinnis amháin a chloistí sa gcóras oideachais, sna rannóga stáit agus sna meáin. Ní labhraítí an Chatalóinis ach sa mbaile.

Le linn na seascaidí agus na seachtóidí tháinig go leor imirceach isteach anseo as réigiúin eile cosúil le Andalusia agus Extremadura. Ba í an Spáinnis an t-aon teanga a bhí ar a dtoil acu siúd. Mar sin faoin am ar cailleadh Franco bhí an Chatalóinis faighte an-lag sa bpobal.

Nuair a fuair an Chatalóin an féinrialú ar ais ag deireadh na seachtóidí, thugadar isteach córas ar ar tugadh normalització lingüística nó normalú teanga. I gcroílár na hiarrachta sin bhí an tumoideachas. Cé is moite de ranganna Spáinnise agus teangacha iasachta, déanann daltaí i scoileanna poiblí na Catalóine a gcuid ábhar ar fad tríd an gCatalóinis. Ba é an sprioc an Chatalóinis a chothú agus pobal dátheangach a chruthú. Tar éis dhá scór bliain den chóras tumoideachais seo, tuigeann os cionn 90% den daonra an Chatalóinis, is féidir le os cionn 75% í a labhairt agus is féidir le 60% í a léamh.

Cé go bhfuil ceithre theanga oifigiúla ag an Spáinn: Spáinnis, an Chatalóinis, an Ghailís agus an Bhascais – is í an Spáinnis, ar chúinsí stairiúla, is láidre agus is coitianta ar fud na tíre. 

Le blianta anuas tá páirtithe aontachtaithe ar nós Ciudadanos agus an Partido Popular ag iarraidh an líon Spáinnise a ndéantar teagasc uirthi i gcóras oideachais na Catalóine a mhéadú. Ach dar le go leor Catalónach is ag cothú ceilge atá siad chun an méid Catalóinise atá sna scoileanna a laghdú.

Tá rialú na Cúirte Uachtaraí tar éis gaoth a chur i seolta lucht tacaíochta na Spáinnise agus is cinnte go mbeidh brú ar an rialtas anseo an dlí a chur i bhfeidhm. Tá sé fógartha cheana féin ag Uachtarán na Catalóine nach ndéanfar aon dochar don Chatalóinis ná don chóras tumoideachais agus é ag déanamh neamhairde ar rialú na cúirte.

Beidh lucht tacaíochta na Catalóinise agus lucht tacaíochta na Spáinnise ag priocadh ar a chéile go ceann píosa eile faoin gceist seo mar is minic go mbíonn teanga fite fuaite le féinaitheantas daoine, mar atá feicthe againn i dTuaisceart Éirinn.

Tá sé soiléir ón méid a fheicimse anseo sa gCatalóin nach bhfuil sé éasca pobal dátheangach a bheith agat murar mórtheangacha an dá theanga. Beidh an mhionteanga i gcónaí i gcontúirt a plúchta ag an mórtheanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Anseo sa Chatalóin tá clampar mór tarraingthe ag ceist an tumoideachais'

  • Lillis Ó Laoire

    Léargas an-spéisiúil a Chathail. Ní hiontas go mbeadh cuid de na dúshláin chéanna ag an Ghaeilge.

  • Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin

    Leoga – den scoth…agus den leatroim thall. Tréaslaím leat – GRMMA!