FÍSEÁN: An lá ar tháinig Corn UEFA chomh fada leis an gCeathrú Rua

Cothrom na seachtaine seo 30 bliain ó shin, ag tús mhí Dheireadh Fómhair 1986, d’imir Galway United i gcoinne FC Groningen sa chéad bhabhta de Chorn UEFA ar an gCeathrú Rua. Tá tuairisc nuachta faoin scéal curtha amach arís ag Cartlann RTÉ

Le linn samhradh 1986, bhí fadhb mhór ag Galway United. Bhí sé beartaithe go mbeidís ag imirt in aghaidh FC Groningen na hÍsiltíre sa chéad bhabhta de Chorn UEFA ag tús mhí Dheireadh Fómhair, ach dúradh leo nár bhain a bpáirc féin amach an caighdeán a bhí ag teastáil chun an cluiche a reáchtáil.

D’iarr méara na Gaillimhe ag an am, John Mulholland, ar Chumann Lúthchleas Gael Páirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá a oscailt don chluiche ach dhiúltaigh Coiste Láir CLG dó sin láithreach.

Agus athchóiriú £150,000 díreach críochnaithe ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua, cromadh ar phlean an cluiche in aghaidh FC Groningen a thabhairt siar go Conamara.

Cé go mbíodh, agus go bhfuil fós, foireann CLG na Ceathrún Rua ag imirt a gcuid cluichí ar an bpáirc chéanna, ní raibh CLG in ann cur in aghaidh úsáid na páirce mar gur leis an bpobal í.

Tháinig slua 3,000 duine chomh fada le Páirc an Chathánaigh chun breathnú ar an gcluiche, a chríochnaigh ar scór 3-1 i bhfabhar Groningen.

“Is dóigh liom gur cheap na hÍsiltírigh go raibh siad leaindeáilte ar an ngealach!” a deir Bernie O’Connell, iarchathaoirleach Galway United, nuair a labhair sé le Tuairisc.ie faoin scéal cúpla bliain ó shin.

“Bhí siad ag caint faoi bheithígh ar na bóithre agus mar sin, ach is dóigh liom gur bhain siad taitneamh as an rud uile. Is cinnte gur ól siad ‘dash’ an oíche sin ar aon nós!”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An lá ar tháinig Corn UEFA chomh fada leis an gCeathrú Rua'