FÍSEÁN: An chéad seisiún ceoil in íoglú in Éirinn!

Tá físeán á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta a léiríonn go maireann spiorad an cheoil i measc mhuintir Chill Choca in ainneoin na drochaimsire!

FÍSEÁN: An chéad seisiún ceoil in íoglú in Éirinn!

Agus a lorg fágtha ag Stoirm Emma agus an Torathar Anoir trasna na tíre le cúpla lá anuas, bhí na sluaistí amuigh ag ‘Ceoltóirí Craiceáilte Chill Choca’ i gCill Dara, agus íoglú tógtha acu!

“Iarracht lae” a bhí i gceist le tógáil an íoglú a mhínigh an giotáraí agus duine de na tógálaithe íoglú Ger Furlong le Tuairisc.ie ar maidin.

“Tá sé mór,” ar sé, “thart ar ocht dtroithe ar fhad agus seacht dtroithe ar leithead agus bhí triúr againn ag obair i gcaitheamh an lae ag réiteach brící sneachta as boscaí móra plaisteacha.”

Dúirt Ger, ar ceoltóir lánaimseartha é, go raibh sé “an-bhuíoch” de mhuintir na háite, a tháinig amach sa tráthnóna agus a chinntigh go raibh an t-íoglú réidh in am don seisiún ceoil.

Tá an sneachta púdrach seo atá ina luí ar fud na tíre “foirfe” chun íoglú a thógáil, dar le Ger, a thriail íoglú, a bhí i bhfad níos lú, a thógáil an uair dheireanach go raibh sneachta trom ann.

Is í Orlaith Ní Chearra a rinne an taifeadadh agus a chuir an físeán in eagar don chéad seisiún ceoil in íoglú in Éirinn.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An chéad seisiún ceoil in íoglú in Éirinn!'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig… nár lagaí Dia sibh!